COIMEÁD SÚIL AR
Sky Brown
Má leantar leis na Cluichí Oilimpeacha - nó fiú mura leantar - bí ag faire amach le haghaidh an chlárscátálaí seo.
Cé nach bhfuil sí ach 11 bhliain d’aois, tá an Sasanach seo ag tabhairt le fios gurb í an té a bheidh le sárú i dToiceó tar éis di casadh chun tosaigh 540 céim a bhaint amach - an chéad bhean a rinne sin riamh. Sin trí chasadh 180 céim in aon ghluaiseacht amháin!
Tá 500,000 á leanúint ar Instagram agus urraitheoirí i scuaine chun tacú léi. Cloisfear a thuilleadh ó Sky gan aon amhras, bíodh nó ná bíodh na Cluichí i dTóiceo i mí Lúnasa!