BUAICPHOINTE NA SEACHTAINE
Tá gach seans go raibh Daragh Curley, an leantóir óg ó Thír Chonaill a sheol litir go Jürgen Klopp ag impí ar bhainisteoir Liverpool cluichí a chailliúint, den tuairim go raibh an lá leis oíche Dé Luain.
Bhí na Dearga 2-1 ar chúl in éadan West Ham, atá ag saothrú go dian le bheith beo sa Phríomhroinn, ach go tobann seo chugainn Mo Salah le cúl chun an cluiche a chothromú agus, sna sála air sin, fuair Mane cúl an bhua, scór a chinntigh an 18ú bua as a chéile d’fhoireann Klopp agus a d’fhag West Ham ar tháirseach an dícháilithe.
Níl ach 12 phointe le haimsiú ag Liverpool anois le bheith cinnte ar an gcéad áit. Tá gach cosúlacht ar an scéal mar sin nach bhfaighidh Daragh Curley mian a chroí an séasúr seo.
Ach ní bheidh sé róbhuartha – fuair sé cuireadh bualadh le Roy Keane ar an Late Late Show Dé hAoine seo caite agus an tseachtain seo d’aithin Manchester United a dhílseacht don gcumann trí chuireadh a thabhairt do Dharagh teacht go Old Trafford.