Is fearr an tsláinte dhomhanda ná na Cluichí Oilimpeacha
Tá na húdaráis atá i mbun riar na gCluichí Oilimpeacha i dTóiceo ag maíomh nach baol don ócáid spóirt é leathadh an choróinvíris faoi láthair.
Ach is cosúil go bhfuil baol mór ann don domhan ón gcinneadh leanúint leis na socruithe do na
Cluichí Oilimpeacha.
Dúradh an tseachtain seo nach mbeadh lucht an rása sealaíochta a thugann lóchrann na gcluichí ón nGréig go láthair na gcluichí ag scaipeadh an víris mar go mbeadh an lasair á tabhairt ó lóchrann go lóchrann seachas an lóchrann a bheith á thabhairt ó lámh go lámh.
Is beag a shuaimhneoidh seo daoine ar fud na cruinne agus iad buartha go scaipfidh an aicíd sa slua a bheidh ag leanúint an rása ar thaobh an chúrsa nó ag faire ar an aclaíocht i Lúnasa.