Fáilte go Réidh le Plé! na seachtaine seo.
Fáilte go Réidh le Plé! na seachtaine seo. Tá ábhar nua agus spéisiúil agam do lucht na Sraithe Sóisearaí i scoileanna T2, le gníomhaíochtaí agus le críoch shamhailteach ar an dráma corraitheach Na Deoraithe a scríobh Celia de Fréine. Tá an dráma seo ar liosta dualgais an dara bliain do scoileanna T2. Lena chois sin, tá aiste shamplach agus gníomhaíocht agam do lucht na hArdteistiméireachta ar ábhar ríthábhachtach, sé sin, staid na Gaeilge in Éirinn anois. Tá súil agam go mbainfidh sibh idir thaitneamh agus tairbhe as ábhar na seachtaine seo.
Ar aghaidh linn, mar sin, leis an obair! Shane