Irish Independent - Seachtain

Gníomhaíoc­ht Scríofa

-

Freagair na ceisteanna seo a leanas sa chóipleabh­ar. Ní foláir machnamh a dhéanamh le tabhairt faoi na ceisteanna seo i gceart.

Is as an Úcráin do mhuintir Mironov. Ag obair le do pháirtí ranga déanaigí taighde ar an idirlíon ar an Úcráin agus breacaigí síos cúig fhíric faoin tír.

An gceapann tú go bhfuil saol éasca ag muintir Mironov in Éirinn? Tabhair dhá chúis le d’fhreagra.

Cén saghas caidrimh atá idir Elena agus a máthair chéile (Mamó)?

An bhfuil páistí an teaghlaigh tar éis socrú síos in Éirinn? Tabhair dhá phointe eolais mar thacaíocht le d’fhreagra. Cén chríoch atá ag an dráma seo? Ar thaitin an chríoch sin leat? ón dioscó agus gan teacht isteach go dtí an t-ospidéal. Ní raibh sí ag iarraidh go bhfeicfead­h Nadia agus Katya Nikolai agus a aghaidh agus a chorp smeartha le fuil. D’fhan Elena, Mamó, Vlad agus Sasha ina suí le hais leaba Nikolai ar feadh na hoíche. D’fhan siad ar fad ina ndúiseacht. Níor fhéad aon duine acu titim ina gcodladh, mar baineadh stangadh chomh mór sin astu. Chuaigh an ceathrar acu abhaile go luath an mhaidin dár gcionn. Bhí tuirse an domhain orthu go léir ach bhí faoiseamh orthu toisc go raibh a fhios acu go mbeadh Nikolai ceart go leor i gceann cúpla seachtain. Nuair a tháinig siad abhaile chuaigh siad a chodladh láithreach agus bhí siad ar fad ina gcnap codlata taobh istigh de chúpla nóiméad. Chuimhnigh siad go léir ar an seanfhocal agus iad ag titim ina gcodladh an oíche sin, imíonn an tuirse ach fanann an tairbhe.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland