Eitilt: Éin agus Eitleáin
Ba é Wiley Post an chéad fhear a d’eitil ina aonar timpeall an domhain. Thóg sé ocht lá air.
Léim Eilmer, an ‘manach eitilte’ ó bharr túir. Bhí sciatháin ceangailte aige ar a lámha agus ar a chosa.
Ba é Lindbergh an chéad duinead’eitilinaaonartrasna an Aigéin Atlantaigh.
Rinne Richard Branson agus Per Lindstrand an chéad turas trasna an Aigéin Atlantaigh i mbalún te.
Thosaigh Pan American Airlines an chéad seirbhís rialta aerphoist trasna an Aigéin Atlantaigh.
Nach ait an rud é gur thóg sé na céadta bliain ar dhaoine bealach chun eitilte a oibriú amach, ach gur féidir le héin eitilt gan stró ar bith. Os cionn 900 bliain ó shin, bhí manach Sasanach ann darbh ainm Eilmer agus ba mhian leis eitilt. Bhíodh sé ag breathnú ar chága ag eitilt agus cheap sé go raibh a fhios aige conas a rinne siadsan eitilt agus go bhféadfadh sé an rud céanna a dhéanamh. Ghreamaigh sé sciatháin ar a lámha agus ar a chosa agus léim sé ó bharr túir. B’fhéidir go ndeachaigh sé ar foluain ar feadh cúpla soicind ach níorbh fhada gur bhuail sé an talamh de thuairt. Bhris sé a dhá chos agus ba é sin an deireadh lena chuid eitilte! Cúpla céad bliain ina dhiaidh sin, thosaigh Leonardo Da Vinci ag smaoineamh ar eitilt. Bhí an fear seo an-chliste. Bhí blianta caite aige ag déanamh staidéir
Rinne an chéad ‘eitleán’ riamh turas – ba é sin ‘The Flyer’ a dhear na deartháireacha Wright.
Thaistil an ‘Solar Chalenge’ ó Pháras go Sasana. Ba eitleán é seoad’oibrighar chumhacht na gréine.
Rinne an chéad héileacaptar turas.
D’eitil Yves Rossy – bhí sciatháin agus ceithre scairdinneall (engine jets) bheaga ceangailte ar a chorp.
Ba í Amelia Earhart an chéad bhean a d’eitil ina haonar trasna an Aigéin Atlantaigh.
Chríochnaigh Steve Fossett an chéad eitilt – gan stopadh, ina aonar – timpeall an domhain in eitleán. Thóg sé 67 uair an chloig agus 2 nóiméad air.
Lainseáil na deartháireacha Montgolfier an chéad bhalún te. ar éin agus dhear sé meaisíní eitilte. Ach i ndáiríre, ní bheadh formhór na meaisíní a dhear sé in ann eitilt. Tá sé suimiúil go bhfuil na pictiúir agus na dearaí a rinne sé an-chosúil le heitleáin agus le héileacaptair an lae inniu, cé gur thóg sé na céadta bliain eile sula raibh daoine in ann eitleáin agus héileacaptair a dhéanamh. Ar an 17ú de mhí na Nollag 1903, thart ar ceithre chéad agus caoga bliain tar éis bhreith Da Vinci, rinne beirt dheartháireacha Mheiriceánacha eitleán a bhí in ann eitilt. Orville agus Wilbur Wright de mhí ainm dóibh agus thaistil siad 37 méadar ar an gcéad eitilt! Chuir siad an t-ainm ‘The Flyer’ ar an ‘eitleán’. Pléifimid thíos bealaí éagsúla chun rudaí a chur ag eitilt.