Céadléiriú Arracht
Fuair lucht féachana scannán na hÉireann a gcéad deis amharc ar an scannán úr Gaeilge, Arracht, ag an deireadh seachtaine.
Taispeánadh Arracht, scannán de chuid Macalla Teoranta a léiríodh faoin scéim Cine 4, le linn Fhéile Idirnáisiúnta Scannán Bhaile Átha Cliath i bPictiúrlann an Light House. Scannán é seo faoin nGorta Mór.
Am lóin san earrach a bhí ann ach mar sin féin bhí slua breá bailithe i nDánlann Dillon sa Chultúrlann chun an t-albam nua ó Ériú, Maidin Fhómhar, a sheoladh ag an deireadh seachtaine.
Seo an dara halbam ón mbanna lena gcanann Caoimhe Ní Chathail. Meascáin d’amhráin thraidisiúnta agus nuachumtha atá ar an albam.