Irish Independent - Seachtain

Rómhall anois do pholaiteoi­rí a bheith ag obair ar uiscí na díle

- DÁITHÍ ÓSÉ

Thárla sé in 2009 agus aríst sa bhliain 2015, daoine ag féachaint timpeall orthu fhéin agus na ceisteanna céanna á gcur. Conas a tharla sé seo aríst? Ní fhaca níos mó polaiteoir­í ag am toghcháin is a chonaic le cúpla seachtain anuas.

Táim ag caint ar thuilte. Tuilte ins na háiteanna céanna agus ag teacht go béal an dorais ag na daoine céanna.

Beidh cad é caint agus daoine feargach ach ní athróidh aon rud. Ní fada go mbeidh na tuilte seo imithe agus déanfaidh gach éinne, seachas iad siúd a tháinig an t-uisce isteach orthu, dearúd gur tharla sé in aon chor agus sin é an fhadhb!

Le cúpla lá anuas bhí polaiteoir­í le feiscint gan léine orthu agus suas go básta in uisce ag ligint orthu go raibh rud éigin á dhéanamh ach – mar shampla, Kevin ‘Boxer’ Moran!

An cheist atá agam ná cad a bhí ar siúl ag na daoine seo le blianta? Tá sé ró-dhéanach agus tithe báite agus gach a bhfuil ag daoine imithe. Seo rud a chuireann isteach orm, má tá tú in áit nó i bost cumhachtac­h agus muna bhfuil tú chun aon rud a dhéanamh, fág an tslí agus lig do dhuine éigin eile isteach.

Ach bíonn freagra éigin cliste ag na daoine dúinn, sé an trua ná bíonn na freagraí cearta acu nuair a bhíonn siad ag teastáil uainn! Ba cheart go mbeadh náire ortha, ach ní féidir iad a náiriú. Ní an fhéith sin iontu!

Ag cabhrú: Kevin ‘Boxer’ Moran san Iarmhí

Fan go bhfeicfidh tú, ní thiocfaidh faic ach tuairiscí faoi thuilte na seachtaine seo caite agus bainfidh siad cúpla bliain eile as sin agus ansin beidh éan éigin nó frog i lár an scéil agus cuirfidh sé sin stop le haon sórt forbartha.

Bhuel ó bheith ag caint leis na daoine a mhaireann mórthimpea­ll ormsa, tá siad ag éirí traochta den gcraic seo ar fad. Tá ceithre bhóthar timpeall orainn im’ bhaile fhéin agus tá trí cinn acu dúnta mar gheall ar an uisce.

Má thagann Ciara nó Denis nó Jorge eile chugainn beimid dúnta isteach! Ach tá daoine ann agus tá siad ag faire ar gach nóiméad agus an t-uisce ar tí teacht isteach.

Ó bhogas amach ó Chathair na Gaillimhe tá aithne agam ar na daoine seo. Daoine breátha a oibríonn go cruaidh agus caitear ar leataobh iad in am an ghátair.

Ar shlí níl aon mhaitheas a bheith á scríobh seo an tseachtain seo, táim chun píosa mar seo a scríobh i rith an tsamhraidh aríst nuair a bheidh an t-uisce ar fad imithe siar díreach chun na brú a choimeád orthu siúd atá gan náire!

 ??  ??
 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland