BUAICPHOINTE NA SEACHTAINE
Más lúthchleasaí thú, níl am níos fearr a bheith ar bharr do mhaitheasa náan bhliain go bhfuil na Cluichí Oilimpeacha ar siúl lena linn.
Agus is cinnte go bhfuil an reathaí Corcaíoch Phil Healy ar bharr a maitheasa faoi láthair agus gan ach sé mhí fágtha go dtí an fhéile spóirt i dTóiceo.
Murach goraibhan churiarracht na hamannta is tapúla san Eoraip i mbliana. Tá curiarrachtaí náisiúnta ag Phil, arb as Droichead na Bandan di, thar 100m agus 200m lasmuigh agus 200m laistigh agus tá sí níos mó ná leathshoicind níos gasta ná anbheanisgairedii mbliana, JessicaBianca Wessolly. Agus í ag féachaint chun cinn go dtí na Cluichí Oilimpeacha, beidh Phil ag brath breis feabhais a chur ar a cuid amannta agus í ag ullmhú don rás is tábhachtaí ina saol go dtí seo. Maidir lena curiarracht, bhí sí ana-shásta gur éirigh léi í a shárú in Éirinn. “Bhí an churiarracht sin ann le 17 mbliana - bhí ana-áthas orm mo cheann féin a bhaint amach,” a dúirt sí.