COIMEÁD SÚIL AR
Éire in aghaidh na Fraince i bPáras
Tá comhartha ceiste faoin gcluiche ag deireadh na seachtaine seo chugainn in éadan na Fraince agus an chuma ar an scéal go mbeidh an lámh in uachtar ag an gCoróinvíreas seachas an Choróin Thriarach i gCraobh na Sé Náisiún i mbliana.
Ní hé nach gcuirtear cluichí rugbaí ar ceal mar gheall ar chúinsí nach bhfuil smacht againn orthu – cuireadh cluiche na hAlban in éadan na Seapáine ar ceal mar gheall ar an hairicín agus bhí sin ar ár leas sa deireadh. Beidh lá eile againn!
aighneas: row ar ár leas: to our benefit