Irish Independent - Seachtain

Buille do dhóchas na hÉireann an gortú a fuair Seamus Coleman

-

Is baolach nach mbeidh captaen na hÉireann, Seamus Coleman, ar fáil do Mhick McCarthy do na babhtaí cáilithe in aghaidh na Slóvaice níos déanaí an mhí seo.

Gortaíodh an Conallach agus é ag imirt le Everton in éadan Manchester United ar an Satharn.

Tagann an buille seo sna sála ar an scéal go bhfuil gortú ag dul do James McCarthy agus nach mbeidh Ciaran Clarke ar fáil ar aon chor.

Anuas air sin, deir Jose Mourinho nach bhfuil Troy Parrott réidh chun imirt go rialta i bPríomhshr­aith Shasana.

Mar sin féin bhí Parrott páirteach sa chluiche a chaill na Spurs.

Beidh Éire ag tabhairt aghaidh ar an tSlóvaic i gceann trí seachtaine i mBaile Átha Cliath agus sa tSlóvaic freisin.

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland