Irish Independent - Seachtain

Fáilte roimh ‘chúpla focal’ Phrionsa na Gaeilge!

-

Is cinnte go bhfuil ceacht faighte ag ceannairí na tíre seo maidir le meas a léiriú don teanga náisiúnta le seachtain anuas nó bhí níos mó ná an ‘cúpla focal’ ag an bPrionsa William agus é ar cuairt ar Éirinn lena bhean chéile, Kate Middleton, an tseachtain seo caite.

De réir dealraimh bhí comhrá aige leis an Taoiseach eatramhach, Leo Varadkar, faoi na hiarrachta­í chun an Ghaeilge a thabhairt slán agus chuir an fear a bheidh ina rí ar Shasana amach anseo in iúl go raibh suim aige in athbheocha­n na Breatnaise freisin.

Idir bheith ag labhairt i nGaeilge, agus ag tvuíteáil focail bhuíochais freisin, ag baint triail as an bpeil agus an iomáint agus ag freastal ar sheisiún ceoil, is cinnte go bhfuil sáriarrach­t á déanamh ag William an teannas a chruthaigh an Breatimeac­ht a mhaolú!

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland