Amhráin ón taobh dorcha den saol atá ag teacht ó Dheoraí
Tá breis is 75% de dhaltaí bunscoile na tíre den tuairim go bhfuil páistí idir 8-12 bhliain níos buartha faoin athrú aeráide ná mar atá daoine fásta.
B’in toradh tromchúiseach amháin ar shuirbhé a rinne Cumann Ríoga Átha Cliath (an RDS) i measc 2,000 dalta bunscoile ar fud na tíre le déanaí. Bhí na daltaí sin i measc 12,000 a d’fhreastail ar Aonach Eolaíochta, ESB Science Blast, a reáchtáladh san RDS an tseachtain seo caite.
Bhí lá speisialta ann don Ghaeilge mar chuid de Sheachtain na Gaeilge agus ghlac na daltaí thuas ó Ghaelscoil Chnoc na Ré i gContae Shligigh páirt ann i dteannta daltaí ó 115 scoil Ghaeilge agus Ghaeltachta eile.
Amhrán dar teideal ‘Sceimhlitheoir’ an rian is déanaí atá eisithe ag an gceoltóir ‘Deoraí’ a chuir an lasair sa bharrach ag tús na bliana le rian nua leictreonach agus geallúint go mbeadh a thuilleadh uaidh le linn 2020.
Ach ar eagla na míthuisceana, ní sceimhlitheoir polaitiúil an té atá luaite san amhrán seo ach fear atá ag ciapadh agus ag síorleanúint bean óg agus ag cur imní uirthi. Go deimhin tá sí faoi sceimhle.
Jack Delaney ó Uíbh Fhailí - a thugann Deoraí air féin - atá freagrach as an togra ar leith seo agus tá sé tar éis trí bliana dá shaol a chaitheamh ag ullmhú na rianta ceoil is déanaí.
“Cumadh ‘Sceimhlitheoir’ mar gheall ar dhuine ar leith a raibh droch-am aici agus í ina páiste.
“Cé gur shaor sí í féin ó na cúinsí sin - bhí sí fós faoi sceimhle faoi ina hinchinn.
“Sa bhfíseán léirítear an streachailt nuair atá síceapatach sa tóir ar bhean óg.”
Ós rud é go dtagann an t-amhrán seo sna sála ar amhrán faoi dhaoine gan dídean - ‘Coincréit Fhuar’
- is cinnte gur amhráin ó thaobh dorcha an tsaoil atá i saothar Dheoraí sa bhailiúchán seo.
“Níl amhráin ghrá ar bith sa togra seo agus tá ábhair ar leith faoi chaibidil in go leor acu agus cuireann na físeáin go mór leis an scéalaíocht,” dar le Jack.
Tá tréimhse fhada caite ag Jack ag foghlaim a cheirde agus ag cur snas ar na hamhráin seo.
“Cé go bhfuil dornán grúpaí agus amhránaithe le Gaeilge ann, ní dóigh liom go bhfuil go leor talamh nua á chruthú ó thaobh na healaíne is an cheoil de, saothar a mheallfadh daoine ó thaobh amuigh den phobal Gaeilge.”
Tá 11 rian cumtha ag Jack agus é ag iarraidh iad a eisiúint le linn na bliana seo. Beidh físeáin ag dul le go leor de na hamhráin.
“Cuidíonn na físeáin le scéal na n-amhrán a insint,” arsa Jack.
Tá ceol Dheoraí le fáil ar Spotify agus YouTube.