BUAICPHOINTE NA SEACHTAINE
Tá an spéir os cionn Mhanchain dearg agus gruaim ar fhoireann Pep Guardiola tar éis United sa choimhlint mhór áitiúil Dé Domhnaigh.
Agus leis an mbua seo ag cur preab i gcuisle na nDiabhal Dearg, tá foireann Ole Gunnar Solskjaer anois sa tóir ar an gceathrú háit sa Phríomh-Roinn agus gan sa tslí ach an coróinvíreas agus foireann eile atá faoi cheannas seanlaoich.
Is cinnte go bhfuil cuma na maitheasa in athuair ar Chelsea agus iad faoi bhainistíocht Frank Lampard, fear a sheas sa bhearna bhaoil go minic do Ghormacha Dhroichead Stamford i Londain.
Tá Chelsea tar éis buachaint ar Learpholl agus Everton faoi seach agus tá roinnt cluichí crua le himirt acu go fóill – Aston Villa agus Manchester City san áireamh. Tá siad sa cheathrú háit faoi láthair.
Sa chúigiú háit atá United agus fuinneamh úr le mothú iontu ó tháinig Bruno Fernandes ar bord. Tá an Portaingéalach tar éis deiseanna iontacha a chur ar fáil do Martial - agus tá cuma spreagtha ar an bhfoireann anois.