Irish Independent - Seachtain

Suaimhneas i measc anoird Agus an tír ina stad de bharr Covid-19, le tithe tábhairne dúnta agus ceiliúradh Lá Fhéile Pádraig ar athló, chuir sléibhte Chonamara ábhar iontais os ár gcomhair a thug seans machnaimh dúinn agus a chur i gcuimhne dúinn chomh hi

-

Tá seachtain caite beagnach ó labhair an Taoiseach Leo Varadkar le muintir na tíre ó SAM, ag fógairt na chéad bhearta ‘scartha shóisialta’ a bhí le cur i bhfeidhm, bearta ar tháinig neart eile ina ndiaidh.

Tá an domhan athraithe ó bhonn ó shin i leith, ar bhealaí nach bhféadfaí a thuar ná a shamhlú. Agus tá muidne athraithe freisin.

Ón taobh sin de, ní bhreathnaí­onn rud ar bith mar a bhreathnai­gh an t-am seo an tseachtain seo caite. Tá rudaí a cheapamar roimhe seo a bhí dodhéanta nó neamhdhóch­úil – ar nós tithe tábhairne folmha ó cheann ceann na tíre ar Lá Fhéile

Pádraig – go hiomlán réasúnta go tobann.

Aisteach, ach intuigthe. Tuartha, ach gan choinne.

Anois agus an domhan ag moilliú, tá deis againn ar fad breathnú ar a bhfuil thart orainn – ó mhuintir iontach na hÉireann, atá ag tarraingt le chéile trí fhanacht amach óna chéile, go dtí an tír álainn mhórthaibh­seach a bhfuil sé d’ádh orainn cónaí inti.

Agus ní raibh áit ar bith a thug léargas níos fearr air sin ná an faoiseamh sealadach agus draíochtúi­l a thug an taispeánta­s digiteach leis an ealaíontói­r

Fionlannac­h, Kari Kola, a nocht Gaillimh 2020, Príomhchat­hair Chultúir na hEorpa.

An Áilleacht Fhiáin/Savage Beauty atá ar an saothar ina bhfuil 1,000 solas suite thar chúig chiliméada­r i gceantar Chonamara.

Agus nach oiriúnach an t-ainm é sin, agus muid ag iarraidh teacht ar dhearfacht, deiseanna agus dóchas sa ré éiginnte seo.

Leanfaimid ar aghaidh ag obair le chéile ar mhaithe lena chéile, mar dhaoine agus mar mhuintir na hÉireann, agus feicfimid gan mórán moille go bhfuil neart againn a mbeimis buíoch as.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland