FOCLÓIRÍN
Plean an Údaráis don Ghaeltacht
sciamheolaí:
gineann: generates
iarsmalanna: museums
Tá pacáiste beartas fógartha le teacht i gcabhair ar phobail agus ar chomhlachtaí na Gaeltachta atá buailte de bharr na haicíde COVID-19.
Údarás na Gaeltachta a d’fhógair an plean tacaíochta agus eolais oíche Dé Luain, lá tar éis gur dúnadh tithe tabhairne agus beáir in óstáin ar fud na tíre. Anuas air sin tá iarsmalanna agus ionaid oidhreachta á ndúnadh freisin.
Tá an turasóireacht i measc na tionscail is mó a ghineann ioncam don Ghaeltacht. Is féidir eolas iomlán a fháil faoi na beartais ina gcuimsítear deontais
beautician
feachtas maoinithe: fundraising campaign agus scéimeanna meantóireachta ó www.udaras.ie.
“Tá Údarás na Gaeltachta ag obair go dlúth leis na heagrais forbartha pobail atá faoinár gcúram chun a chinntiú go bhfuil na tacaíochtaí agus an t-eolas cuí ar fáil acu,” a tugadh le fios i ráiteas.
“Chomh maith leis sin táimid ag moladh go leanfadh na heagrais forbartha pobail an treoir atá ag teacht ó áisíneachtaí sláinte an Stáit i leith Covid-19.”
Mhol an tÚdarás do chomharchumainn agus eile cruinnithe fóin agus ar líne a reáchtáil seachas cruinnithe ar an láthair.