Saoirse Ronan: Bean óg nach bhfuil srian lena cumas
Tá aithne againn ar fad ar Shaoirse Ronan le fada fíorach an lá anois. Tá sí ar dhuine de na hÉireannaigh is cáiliúla ar domhan. Tá ainm Shaoirse Ronan go mór i mbéal an phobail in Éirinn ón mbliain dhá mhíle is a trí nuair a chonacthas í ar an teilifís den chéad uair sa tsraith teilifíse The Clinic a craoladh ar Raidió Teilifís Éireann. Ní raibh Saoirse ach naoi mbliana d’aois ag an am. Braithimid in Éirinn go bhfuil aithne na mblianta againn ar Shaoirse mar chonaiceamar í ag fás aníos os ár gcomhair amach ar an teilifís nó sa phictiúrlann. Is bean óg í Saoirse go fóill - níl sí ach cúig bliana is fiche d’aois, creid é nó ná creid, agus tá go leor bainte amach aici cheana féin i saol na haisteoireachta. Rugadh Saoirse Ronan i Nua Eabhrac sa bhliain naoi déag nócha is a ceathair. Is Éireannaigh iad a tuismitheoirí agus bhog siad abhaile go hÉirinn nuair a bhí Saoirse trí bliana d’aois. Is páiste aonair í agus tá sí ina cónaí anois sna Clocha Liatha i gContae Chill Mhantáin. Aisteoirí ba ea tuismitheoirí Shaoirse Ronan agus mar sin, ba chuid lárnach dá saol ón tús í ceird na haisteoireachta. Go deimhin, bhí tionchar an-mhór ag a tuismitheoirí uirthi ón tús, sa mhéid is gur chuir siad comhairle mhaith uirthi, go háirithe sna blianta luatha agus í ina cailín óg ag tosú amach ar bhóthar na haisteoireachta. Bliain mhór do Shaoirse ba ea an bhliain dhá mhíle is a seacht, agus í trí bliana déag d’aois. Tugadh ról di sa scannán Atonement, scannán a raibh an-rath air, agus ainmníodh í do ghradam Oscar an bhliain chéanna. Ba í an seachtú duine ab óige a ainmníodh do ghradam Oscar. Éacht sármhaith. Cé nár éirigh léi an gradam a thabhairt léi an babhta sin, bhí gaisce déanta aici ainmniúchán a fháil. Aisteoir mór le rá a bhí inti ag an bpointe sin i súile Hollywood gan dabht. Tá gairm bheatha Shaoirse Ronan imithe ó neart go neart ón mbliain dhá mhíle is a seacht i leith. Deirtear go bhfuil buanna áirithe aici mar aisteoir, rud a chiallaíonn go mbíonn an-tóir ag stiúrthóirí Hollywood uirthi.Tá a cuid carachtar inchreidte - tá sé éasca tuiscint a bheith agat dóibh - agus tá Saoirse féin umhal agus an-ghairmiúil i mbun oibre. D’oibrigh Saoirse le maithe agus móruaisle Hollywood ó tháinig sí ar an bhfód trí bliana déag ó shin. Liosta le háireamh is ea na haisteoirí cáiliúla ar oibrigh sí leo, leithéidí Colin Farrell, Ed Harris, Eric Banna, Kate Blanchett, Keira Knightley, Susan Sarandon, James McEvoy agus mórán aisteoirí clúiteacha eile nach iad. Ina theannta sin, tá roinnt mhaith ainmniúchán faighte aici do na duaiseanna móra i saol na haisteoireachta, gradaim Oscar, BAFTA agus Golden Globe ina measc.