Scúnc agus Smúirín sa reicneáil do Ghradam na bPáistí
Tá áthas an domhain ar an údar agus scríbhneoir scripte Muireann Ní Chíobháin go bhfuil a céad leabhar do pháistí tar éis áit a bhaint amach ar an ngearrliosta don ghradam ‘Leabhar Páistí na Bliana’.
Scéal é ‘Scúnc agus Smúirín’ a insíonn an díomá a bhíonn ar scúnc nuair a chailleann an teidí is fearr leis a bholadh tar éis é a ní san inneall níocháin.
“Thosnaigh an scéal amach mar scéal faoi pháiste a bhí uaigneach mar ná raibh boladh a mháthar ar a bhlaincéad níos mó,” arsa Muireann. “Ach chuaigh mé i gcomhairle le Tadhg Mac Dhonnagáin (foilsitheoir Futa Fata atá ag foilsiú an leabhair) agus chuimhníomar ar ainmhí a úsáid agus de bharr nach n-úsáidtear scúnc go minic, bhuel roghnaíomar é!”
D’admhaigh sí, áfach, go raibh sí an-cheanúil ar Pepé Le Pew, an scúnc mioscaiseach a bhí ina réalta ar chartúin san am atá caite ach rinne an t-ealaíontóir Paddy Donnelly sárjab ar léiriú Scúinc sa tslí is go bhfuil a phearsantacht agus a íomhá féin aige.
Tá aithne ar Mhuireann
mar go gcuireann sí go leor clár i láthair ar TG4, cláir ar nós agus
Bíonn sí ag scríobh freisin le haghaidh clár ar RTÉ Junior agus bhí sí freisin ag obair ar an sobaldráma
Ní hí Muireann amháin atá ag ceiliúradh mar gheall ar áit a bhaint amach ar an ngearrliosta nó tá dhá leabhar Gaeilge eile ar an ngearrliosta de dheich leabhar. Is iad san ‘Mór agus Muilc’, scéal ón mbéaloideas a bailíodh ó John Óg Hiúdaí Neilí Ó Colla, agus Nóinín le Myra Zepf, scéal dorcha atá inste i bhfoirm filíochta.
Fógrófar buaiteoir an ghradaim, a bhronnfaidh Leabhair Pháistí Éireann, ag ócáid níos déanaí i mbliana. Tá teacht ar na leabhair seo ar fad ar shuíomhanna ar nós litriocht.com.