An teanga dhúchasach agus an teicneolaíocht nuálach ag croílár Chlár TechSpace
TÁ an Ghaeilge agus an teicneolaíocht fite fuaite leis an gcruthaitheacht i gClár TechSpace do dhaoine óga. Tá an teicneolaíocht lárnach anois i ngach gné de shaol an duine óig atá ag fás aníos in Éirinn agus tá sé mar aidhm ag TechSpace go mbeadh daoine óga ag cruthú leis an teicneolaíocht in áit díreach a bheith ina dtomhaltóirí teicneolaíochta.
Nuair a chuirtear béim ar an gcruthaitheacht agus nuair a thugtar deis do dhaoine óga iad féin a chuir in iúl, tagann féith na samhlaíochta chun cinn agus déantar forbairt ar scileanna tábhachtachta don 21ú haois, ina measc, an chruthaitheacht, an smaointeoireacht chriticiúil, an chumarsáid agus an comhoibriú.
Is comhfhiontar idir an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Camara Education Ireland é Clár TechSpace atá á mhaoiniú faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 20102030.
Is gréasán náisiúnta de spásanna digiteacha é TechSpace atá lonnaithe in ionaid óige agus scoileanna. Cabhraíonn an gréasán le daoine óga ábhar digiteach, teicneolaíochta agus STEM a chruthú agus iad i mbun gníomhaíochtaí ar nós scannáin dhigiteacha, dearadh gréasáin, forbairt aipeanna soghluaiste agus róbataic, i measc nithe eile, as Gaeilge.
I measc na ndeiseanna atá ann do dhaoine óga atá ag glacadh páirte sa chlár, is féidir le daoine óga freastal ar imeachtaí reigiúnda chomh maith le hócaidí ceiliúrtha náisiúnta ar nós Tech Féile agus an Creative Tech Fest a bhíonn ar siúl sa Google Foundry.
Tá an clár féin ar an bhfód le breis is dhá bhliain agus tá soileanna agus eagraíochtaí óige á chur i bhfeidhm i gCúige Chonnacht agus i gCúige Mumhan faoi láthair agus beidh an clár á leathnú amach go Cúige Uladh agus Cúige Laighean roimh dheireadh na bliaina.
Tá tuilleadh eolais ar an gClár TechSpace le fáil ach ríomhphost a sheoladh chuig info@techspace.ie.