Gael force: ImeachtaÍ Gaeilge i nGaillimh
MAMO AGUS BRADÁN FEASA Leabharlann na Ceathrún Rua, an Cheathrú Rua
Is ócáid í atá oiriúnach do gach leanbh suas go dtí 9 mbliana d’aois, le Little Gem Puppets a bhunaigh Carmel Balfe in 2010. Spreagtha ag grá puipéad ar feadh a saoil, tá Carmel tar éis taisteal ar fud an domhain, agus d’oibrigh sí mar dhéantóir puipéad cheana do Disney. Am: 10.30-11.15am
SCÉAL I mBOSCA Leabharlann an Spidéil, an Spidéal
I gceardlann eile atá faoi stiúir Little Gem Puppets, tá scéalaíocht agus déanamh puipéad curtha le chéile ionas gur féidir le daoine óga a gcuid puipéad féin a dhearadh agus ansin ligint dá samhlaíocht imeacht gan srian. Oiriúnach do pháistí 6 bliana d’aois agus níos sine. Am: 1.50-3pm
ÁR nOILEÁN Scoil Caomhán, Inis Oírr, Gaillimh
Tabharfaidh an t-ealaíontóir Dara McGee faoi cheardlann dhá lá (21 agus 22 Meitheamh) le daltaí Scoil Chaomáin ar Inis Oírr, múrphictiúr falla clós súgartha na scoile a dhearadh agus a chomhchruthú. Spreagtha ag fís na hóige dá n-oileán, beidh an múrphictiúr ina oidhreacht mharthanach dá n-óige. Déanfar an toradh deiridh a nochtadh an 23 Meitheamh Oiriúnach do leanaí 4 go 12 bliana d’aois. Am: 2-4pm
SCÉALAÍOCHT LE MAGGIE Leabharlann na Ceathrún Rua, an Cheathrú Rua
Is puipéad cairdiúil í Maggie agus is breá léi scéalta a insint, agus tugtar cuireadh do dhaoine fásta agus do leanaí óga páirt a ghlacadh ina spraoi agus cuidiú léi scéal iomlán nua a chruthú. Beidh deis ag páistí freisin a bpupéad féin a dhéanamh. Oiriúnach do leanaí 3-6 bliana d’aois. Am: 11.30am-12.15pm