Irish Independent

Breis scoileanna ag fáil cúntóirí teanga i mbliana

-

Beidh beagnach leathchéad scoil ag fáil cúntóirí teanga i mbliana nach bhfuair an tacaíocht anuraidh de bharr ardú suntasach ar an deontas ón Rialtas.

Fógraíodh an deontas méadaithe an tseachtain seo caite, tacaíocht €1.02m i mbliana i gcomparáid le €770,000 anuraidh.

Ciallaíonn sé sin go mbeidh cúntóirí teanga ag feidhmiú i 32 bhunscoil agus 16 iar-bhunscoil nach raibh an chabhair seo ar fáil iontu sna blianta roimhe seo.

San iomlán beidh 136 scoil ar fad páirteach sa scéim don scoilbhlia­in 2018/19 ina dtugtar cabhair do dhaltaí an Ghaeilge a shealbhú agus a shaibhriú.

Anuraidh bhí 94 chuntóir teanga fostaithe i scoileanna éagsúla, ach i mbliana beidh gá le hardú mhór ar líon na gcúntóirí teanga.

Agus é ag fógairt an chúnaimh bhreise, dúirt an tAire Gaeltachta Joe McHugh go gcabhródh an deontas méadaithe le bisiú na Gaeilge don chéad ghlúin eile.

Newspapers in English

Newspapers from Ireland