Teaghlaigh Bhriotanacha as cúlraí eitneacha ‘le bogadh go héireann’
Spreagfaidh imní faoin mBreatimeacht cónaitheoirí an RA a fhágáil, a deir Gréagach i gCiarraí
D’fhéadfadh teaghlaigh Bhriotanacha as cúlraí eitneacha na hEorpa an Ríocht Aontaithe a fhágáil agus bogadh go hÉirinn mar gheall ar imní faoina ndaoine muinteartha i ndiaidh an Bhreatimeachta, dar le fear gnó amháin a tháinig anseo 22 bliain ó shin. Bhunaigh Athos Tsiopani ionad
eachtraíochta teaghlaigh taobh
amuigh de Neidín, Contae Chiarraí. Bhí a ghean ar Éireannaigh a casadh air agus é ag fás aníos in Bristol Shasana ina chuid den chúis ar bhog sé ansin.
Theith a athair go Sasana ón gCipir i rith an achrainn pholaitiúil sna 1960idí.
Anois deir sé go bhfuil go leor teaghlaigh imirceach cosúil lena cheann féin sa Bhreatain imníoch faoina dtarlóidh dá ngaolta i ndiaidh an Bhreatimeachta.
“Bhí go leor freagairtí neirbhíseacha ó theaghlaigh lonnaithe a chaithfidh dul i ngleic le dlíthe iontrála níos géire seans d’imircigh a chuireann srian ar go leor cuairt a thabhairt ar a muintir,” a dúirt Athos, atá 52 bliain d’aois.
“Cé nach mbeadh faitíos nó fiú fearg air mar gheall ar an mBreatimeacht sa chás seo? Is ‘feachtasóir do dhomhan amháin’ mise agus creidim dá luaithe a dtagann ciall orainn ar fad is é is luaithe is féidir linn tosú ag feabhsú gach ruda do gach duine… tá an-trua agam dóibh siúd a chaithfidh dul i ngleic leis an éiginnteacht faoin scaradh seo óna muintir.”
Deir sé go bhfuil súil aige go mbeidh an dara reifreann ann faoin mBreatimeacht, ach mura socraítear rud éigin deir sé go dtiocfadh níos mó daoine ó mhór-roinn na hEorpa go hÉirinn.
“Is tír iontach agus bródúil í an Ríocht Aontaithe, ina bhfuil deiseanna iontacha agus is dócha go meallfar daoine ann fós.
“Ach creidim go bhfásfaidh imirce go hÉirinn mar rogha eile i ndiaidh an Bhreatimeachta – mar go bhfuil sé níos éasca, níos áisiúla.”
Mealladh Athos – an t-aon fheirmeoir Gréagach sa tír go hoifigiúil – go hÉirinn mar gheall ar “an iliomad cairde Éireannacha a líon mo cheann le scéalta, béaloideas agus cuimhní fileata.”
Mealladh go Contae Chiarraí é, áit ar cheannaigh sé 500 acra de phortach. Chruthaigh sé a ionad locha agus marcaíochta capall féin ann agus anois ritheann sé tithe saoire 4 réalta agus gníomhaíochtaí chomh haisteach agus chomh hiontach le surfáil portaigh agus teiripe gháire.
“Ag am nuair a bhí formhór na bhfeirmeoirí ag cur isteach ar dheontais chun a gcuid talún a dhraenáil, tharraing mise cáil orm féin mar an ‘Gréagach craiceáilte’ a shocraigh a chuid tailte a thochailt agus a líonadh le huisce chun loch a chruthú ann,” a dúirt sé.
Deir sé nach bhfillfeadh sé ar Shasana ná ar an gCipir go brách.
“Is breá liom Éire agus gach a ndéanaim anseo. Ach caithfear leanúint den tsaoirse gluaiseachta i ndiaidh an Bhreatimeachta ionas go mbeidh daoine de mo leithéidse in ann bualadh le gaolta
gan stró. Cruthóidh rialacha nua go leor crá croí do theaghlaigh cosúil le mo cheannsa,” a dúirt sé mar fhocal scoir.