Irish Independent

Ní féidir leis na leanaí a bheith díomhaoin – níl sé seo go maith!

-

Bhíos ag léamh sna páipéir i rith na seachtaine na rudaí ar fad atá le déanamh ag leanaí nuair nach mbíonn siad ar scoil! Ó pháirceann­a spraoi go Tayto Park agus míle rud eatarthu.

Ar chuma éigin ní féidir leis na leanaí a bheith

agus ní dóigh liom go bhfuil sé seo go maith. Ní hiad na leanaí is cúis leis seo, ach na tuismitheo­irí! Níl aon dabht ann ach go ndúirt lem’ Mháthair míle agus céad uair go rabhas ‘Bored’ nuair a bhíos beag agus an t-aon fhreagra a bhíodh aici ná ‘fág an áit uaim agus gabh an doras amach!’ agus dheineas! Dá mbeadh an lá ag cur báistí bhíomar istigh, murach san, amach linn.

Bhí gach aon tig mar san an uair úd, ach tá san athraithe anois. Cúpla cúis is dócha, an uair sin bhíodh seachtar nó ochtar i ngach tig, anois níl ach duine nó beirt agus é níos fusa líon beag a bheith timpeall an tí an t-am ar fad. Tá an teilifís ar siúl an lá ar fad anois agus bíonn leisce orthu dul amach agus an chúis is mó ná go bhfuil imní nó eagla ar thuismithe­oirí na leanaí a scaoileadh amach ar eagla go dtarlódh aon ní dóibh!

Seo an áit go raibh againne, ach ag an am céanna bhí a fhios againn cá raibh cead againn dul. Gan dabht chuamar píosa beag níos faide ach fós ní rabhamar ag déanamh aon díobhála.

Is sa tsaoirse seo a fuaireamar ár gcéad phóg agus mar sin dó, an chéad ghal chomh maith. Bhíodh leaideanna an bhaile bailithe i gcomhair cuid don lá agus sinn ar fad sa bhád céanna. Is tábhachtac­h a rá chomh maith ná raibh pingin rua eadrainn!

Ní raibh aon laethanta saoire ón mbaile againn fé mar a bhíonn anois. Téann nach mór gach clann in áit éigin feadh seachtaine.

Dá mbeadh an lá anabhreá théadh an chlann againne chomh fada le trá Bhaile na nGall agus d’fhaighimis uachtar reoite agus b’in an tSaoire agus ní raibh faic mícheart leis. Bhí an ‘chilly willy’ (an t-uachtar reoite!!) ar thrá Bhaile na nGall chomh maith le haon Chornetto san Iodáil!

Is cuimhin liom an Chilly Willy céanna ag leá im’ lámh agus mo mhéaranta greamaithe le chéile i gcomhair an tráthnóna!

Tuigim go bhfuil sé go deas dul go dtí an Spáinn agus áiteanna eile, ach ní féidir chomh maith gan na rudaí beaga a dhéanamh. Bhí na rudaí beaga sin mór uair amháin. Is fearr do chuimhní atá agamsa do thrá Bhaile na nGall ná aon saoirse as baile!

 ??  ??

Newspapers in English

Newspapers from Ireland