Irish Independent

DEA-SHEACHTAIN / DROCHSHEAC­HTAIN LE CHRIS GREENE

-

DEA-SHEACHTAIN: AN T-UACHTARÁN Ó HUIGÍNN

Dea-sheachtain é dár nUachtarán uasal Micheál D Ó hUigínn agus é beagnach cinnte nach mbeadh air aon rud beo a dhéanamh chun a shuíomh san Áras a chosaint.

Nach ait an rud é? Le haghaidh beagnach gach poist eile tá líne mhór amach an doras chun foirm iarratais a líonadh, ach níl duine ar bith beo eile sa tír seo ag iarraidh fiú rith in aghaidh Mhichíl?

Deirtear go bhfuil costas ard ag baint leis, ach tá aithne agam ar fhear a bhfuil fíorthóir air faoi láthair agus ar a laghad €17.40 aige le haghaidh a fheachtais...

DROCHSHEAC­HTAIN: TONY MCGREGOR (THUAS)

Céard é an Ghaeilge ar “call out video” meas tú?

Déarfaidh muid “físeán achrannach”. Bhuel, cibé Gaeilge atá air, fuair an DART (córas traenach áitiúil do cheantar Bhaile Átha Cliath) an físeán achrannach is aite dá bhfuil feicthe agam riamh ar an idirlíon, agus tá sé sin beagnach dodhéanta.

Bhí Tony McGregor (athair na réalta ealaíona comhraic measctha Conor McGregor) ag gearán mar go bhfuair sé an iomarca sóinseála ón meaisín ticéad sa stáisiún DART agus nach raibh sé in ann aon áit a dhéanamh dó ina chulaith dhlúthluit­each

Hugo Boss.

Bhí an-fhearg ar Tony sa bhfíseán féintógtha agus é ag doirteadh amach an airgid ar fad (€17.40) ar an mbord sa ngairdín.

Córas Iompair Éireann, má tá sibh ag léamh, tá obair le déanamh agaibh.

 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in English

Newspapers from Ireland