Irish Independent

DÁITHÍ Ó SÉ

Neart prapála roimh Rós Thrá Lí – ach tá mo chuidse den obair ar fheabhas!

- DÁITHÍ ÓSÉ

Tá deireadh leis an samhradh! Sin a bhíodh á rá againne nuair a bhíomar óg nuair a thagadh na Rósanna go Trá Lí agus ar ais ar scoil linn. Ar ais ar scoil domsaécear­tgoleormar­isí an tseachtain seo an ceann is gnóthaí i rith na bliana. Is le seachtain anuas a thosnaigh sé domsa, cé go bhfuil daoine eile i mbun oibre le cúpla mí anuas.

An phrapáil is mó a bhíonn agamsa ná a bheith aclaí agus meáchan a chailliúin­t agus a bheith i ndea-chaoi. Deinim na rudaí céanna gach bliain agus im’ cheann ansan bím réidh le teacht fé seo ar fad. Tagann an tseachtain seo níos tapúla gach bliain, ach má thagann sí tapaidh imíonn sí níos tapúla ná san arís.

Obair na meán is mó a bhíonn is gceist ag an bpointe seo agus is maith liom é cé go mbím ag rá na rudaí céanna le gach duine ach sin cuid dó!

I láthair na huaire tá tuairim agus 60 Rós ag tabhairt fé Thrá Lí agus ní bheidh ach 32 ar an stáitse liomsa agus ní bheidh a fhios againn cé hiad san go dtí Dé Sathairn, mar sin tá sé anadheacai­r plean cuimsithea­ch a dhéanamh dos na seónna teilifíse. Deirimid linn fhéin go bhfuil gach éinne acu ag dul ar an stáitse agus bogadh ar aghaidh mar sin.

Is minic a fhiafraíte­ar díom “Conas a chuireann tú aithne ar na Rósanna ar fad?” agus tá sé simplí: caithfear an tseanstíl a úsáid, sea LABHAIRT leo!! Agus chun an fhírinne a rátáséseoa­rcheanndos­na píosaí is fearr liom. Aithne mhaith a chur orthu, sin an rud is tábhachtaí agus go bhfuil muinín acu asat!

Nuair atá na Rósanna compordach leat is ansan a bhíonn an chraic ann. Ceist eile a cuirtear orm ná cad a bhíonn difriúil gach bliain agus freagra ná na Rósanna fhéin! Tá an leagan amach ana-shimplí agus mar an gcéanna mar sin is iad na Rósanna an ghné is tábhachtaí agus má dheineann muid dearúd air sin tá an cluiche caillte againn!

Páirt eile don bpróiseas a thaithníon­n go mór liom is ea na ‘party pieces’ a chur le chéile. Inniu Dé Céadaoin agus ní chuirfear iad seo le chéile go dtí an deireadh seachtaine, seachas daoine a bheidh ag canadh agus rince. Tagann na rudaí aite agus suimiúla i gcónaí déanach sa phróiseas agus is fiú go mór iad a dhéanamh.

Ó thaobh scripte tá sé ana-shimplí. Níl uaim ach an chreatlach agus sin é mo dhóthain.

Bhíonn sé níos fusa orm é a dhéanamh mar sin. Leanfaidh mise na Rósanna agus sin mar is fearr é. Tá sé easca mar go mbíonn aithne mhaith agam orthu fén dtráth sin.

Nuair a bhead libh an tseachtain seo chugainn beidh sé ar fad thart do bhliain eile... tapaidh mar a théann sé!

 ??  ??
 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in English

Newspapers from Ireland