Fearg le Ross mar gheall ar ardú CBL turasóireachta
Tá an tAire conspóideach á cháineadh ag an tionscal fáilteachais – ach is beag seans go nglacfar lena mholadh
Tá cúlbhinse an Rialtais spréachta mar go bhfuiltear ag beartú deireadh a chur leis na rátaí speisialta cáin bhreisluacha (CBL) san earnáil turasóireachta.
Tá fearg ar Theachtaí Dála tuaithe Fhine Gael leis an Aire Turasóireachta Shane Ross, as an gComhghuaillíocht Neamhspleách, atá ag iarraidh an ráta laghdaithe 9% a tugadh isteach seacht mbliain ó shin a ardú arís go 13.5%.
Tá imní orthu go n-oibreodh plean Ross i mBaile Átha Cliath, ach go gcuirfeadh sé bac ar fhás geilleagrach san iarthar, fás atá á spreagadh ag an turasóireacht le blianta beaga anuas.
Tá níos mó ná duine as gach deichniúr oibrithe i gcontaetha ar nós Chiarraí agus Dhún na nGall fostaithe san earnáil turasóireachta.
Ach tá líon na gcuairteoirí ón Ríocht Aontaithe fós thíos agus tá luach an steirling fós ag titim, agus is iad réigiúin an iarthair is mó atá thíos leis.
Mhol an tAire Ross rátaí difriúla CBL a d’fhéadfaí a bhunú ar bhrabús agus ar phraghas an tseomra óstáin.
“Bhí tráth ann ar theastaigh sé seo, ba bheart iontach é, agus chruthaigh sé neart post… ach anois, mura dteastaíonn sé uathu [na hóstáin] cén fáth a dtabharfaí dóibh é?” a dúirt Ross.
“Má tá siad chun brabús ollmhór a dhéanamh ar aon chuma, cén fáth a dtabharfaí dóibh é, agus má tá siad ag cur as do chlú na hÉireann thar lear caithfear dul i ngleic i gceart leis.”
Is é an tAire Airgeadais Pascal Donohue, ní an tAire Ross, a chinnfidh céard a dhéanfar leis an CBL agus creideann Teachtaí tuaithe Fhine Gael go gcuirfeadh ardú ar an CBL srian ar fhás turasóireachta.
Teastaíonn ón Aire Airgeadais an ráta níos airde a ghearradh arís ar óstáin agus tithe lóistín, ach ní ghearrfar é ar bhialanna, caiféanna ná pictiúrlanna.
Shaothródh an t-ardú €200m breise mar chánacha an bhliain seo chugainn.
Maíonn státseirbhísigh na Roinne Airgeadais nach gcuirfeadh an t-ardú isteach ar fhás fostaíochta.
Ach ní aontaíonn siad siúd a oibríonn in earnáil na n-óstán leo.
Deir Cónaidhm Óstán na hÉireann go bhféadfadh sé damáiste mór a dhéanamh roimh
éiginnteacht an Bhreatimeachta.
“Ní dhéanfadh ardú ar an CBL aon cheo ach an bonn a bhaint dár gcumas dul i ngleic le haon athruithe a tharlaíonn amach anseo,” a dúirt Paul Diver a ritheann Óstán an Sandhouse i Ros Neamhlach, Contae Dhún na nGall, agus a dhéanann ionadaíocht ar an gcónaidhm san Iarthuaisceart.
“Tá an steirling tite 22% cheana féin le dhá bhliain anuas agus má ardaítear praghas ár dtáirge, déanfar dochar dó agus cuirfidh sé isteach ar chomh hiomaíoch agus atá muid i gcomparáid le cinn scríbe eile. Tá an acmhainn cheannaíochta ón Ríocht Aontaithe thíos cheana féin.”