Ba cheart go mbeadh náire orainn faoin easpa náire...
DEA-SHEACHTAIN: LUCHT LEANTA AN CHEOIL
An ndearna tú iarracht ariamh ticéad a cheannacht chun banna a fheiceáil, ach díoladh chuile cheann beo laistigh de chúpla soicind sula bhfuair tú ceann amháin fiú?
Ansin, iontas na n-iontas, bhí na ticéidí sin ar díol ar phraghas i bhfad Éireann níos daoire ar Seatwave, ardán de chuid Ticketmaster – an dream a dhíol na ticéidí ar an gcéad dul síos.
Tharla sé mar gheall ar: a) na céadta duine a bhfuil cloigeann cipín orthu agus a cheannaigh na ticéidí sular chuimhnigh siad láithreach go bhfuil a gcuid gruaige le níochán an oíche sin; nó b) mangairí ticéad. Meas tú cé acu is cruinne? Ar aon chuma, i ndiaidh ‘aiseolas’ a fháil ó lucht leanta an cheoil – is é sin tvuíteanna dochreidte crosta – d’fhógair Ticketmaster go mbeadh Seatwave á dhúnadh acu. Ólfaidh mé sláinteantéa chinn é sin (sula ndíolaim an bolgam atá fanta leat ar phraghas i bhfad Éireann níos daoire ná mar a d’íoc mise).
DROCHSHEACHTAIN: SOCHAÍ NA HÉIREANN
Ní fhéadfaí labhairt faoi rud ar bith anseo ach an scéal seo. Spreag íomhá amháin a bhí ar fud na nuachtán le seachtain anuas cur agus cúiteamh – íomhá a bheas le feiceáil amach anseo, chuirfinn geall leis, ar leathanaigh na leabhra staire.
Ba dhrochsheachtain é do Margaret Cash agus a clann, arbh éigean dóibh codladh i stáisiún Gardaí mar gur lig a dtír síos iad.
Ba dhrochsheachtain é d’Eoghan Murphy, atá ag labhairt go neamhbhalbh faoi na fadhbanna ach nach bhfuil aon cheo éifeachtach ag eascairt as an gcaint sin.
Agus thar aon ní eile, ba dhrochsheachtain é d’éinne a bhfuil muinín acu as sochaí na hÉireann.
Cé go gceapfá go bhfeicfí comhbhá, trua, tuiscint agus frustrachas leis an mbunaíocht, chonaic muid plé ar na meáin shóisialta agus ar an raidió faoi Margaret féin: an líon gasúr atá aici agus nach raibh athair le feiceáil sa bpictiúr, agus aon cheo eile a d’fhéadfaí cuimhneamh air.
In áit comhbhá agus trua, chonaic muid lochtú an íospartaigh. In áit tuisceana, chonaic muid fonóid. In áit frustrachais leis an mbunaíocht, chonaic muid frustrachas an náisiúin á chaitheamh sa mhullach ar an mbean áirithe seo.
In áit breathnú orainn féin, bhreathnaigh muid ar dhuine eile. Agus fad is go ndéantar sin arís is arís eile, ní fheicfidh muid athrú go brách.
Ach ná déan dearmad, nuair a bhíonn an pictiúr sin le feiceáil i leabhra staire na todhchaí, is beag seans go mbeidh na léitheoirí buartha faoin ‘gcúis’ a raibh muintir Cash sa stáisiún Gardaí sin.
Ní fheicfidh siad ach grúpa gasúr agus a máthair ina gcodladh ar bhinsí miotail, agus fiafróidh siad cén fáth sa diabhal nár tugadh aon chabhair dóibh.