Irish Independent

An rud a sheasann amach i gcónaí tar éis an tseó? Pian i mo chosa!

-

Sin é do bhliain eile! Nuair a bhíos ag caint libh an tseachtain seo caite ní raibh sé ach ag tosnú dúinn agus i bpreabadh na súl tá sé críochnait­he. Is cuma im’ thigse cén post teilifíse atá agat, is athair ar dtús thú.

Sara gcuas ar an mbóthar go Trá Lí chaitheas dul ag campáil leis an bhfear óg ar an nDéardaoin. Thaithin sé seo go mór liom agus bhí sé iontach dom mo cheann a thógaint ós na scamaill ar feadh tamaill.

Ní dóigh liom go mbeinn in ann é seo a dhéanamh cúpla bliain ó shin. Bheinn ró-thógtha leis an obair a bhí le teacht! Ní bheinn sásta mé fhéin a scaoileadh mar sin. Tagann an meon seo le taithí agus ar shlí ní féidir é a mhúineadh agus caithfidh tú dul tríd chun an ceacht a fhoghlaim!

Cheapas go mbeinn sórt traochta gan a bheith im’ leaba fhéin, ach bhíos chomh mór ar mo shuaimhnea­s agus bhí oíche chomh deas againn go raibh codladh iontach againn amuigh fén aer!

Siad na Rósanna a athraíonn gach bliain ach dúinne fanann an chuid eile don seó mar an gcéan-

na, an tslí go mbíonn sé leagtha amach agus deineann sé sin rudaí éasca domsa.

An difríocht is mó domsa ná go ndeinim iarracht é a dhéanamh níos fearr gach uair agus toisc go bhfuil an leagan amach céanna ann bíonn deis é seo a dhéanamh.

Nuair a bhíonn seó an Luain críochnait­he bíonn fonn orm dul ag ceiliúradh mar im’ cheann tá

obair mhór déanta agus chomh maith leis sin bíonn sé deacair dul a chodladh mar go mbíonn tú ard ina dhiaidh agus nuair a chaithfidh tú tabhairt fé agus nuair atá brú dul a chodladh tá sé deacair!

Bíonn an Mháirt ana-dheas mar lá, deirim i gcónaí go mbíonn an obair mhór déanta an oíche roimh ré. Chuaigh an lá inné ana-thapaidh chomh maith.

Dhúisigh mé ag a 7 agus an chéad rud eile bhí na creidiúint­í ar an scáileán. Áthas orm go raibh sé sa channa ach sórt brónach go raibh sé críochnait­he ag an am gcéanna.

An rud a sheasann amach i gcónaí tar éis an tseó ná go mbíonn pian im’ chosa agus beidh go dtí tráthnóna inniu, sin mar a bhí le cúpla bliain anuas.

Nuair a bheidh sibh á léamh seo beidh mé i gCorca Dhuibhne agus na maidí á ligint le sruth. Seo lá a thugann Rita dom gach bliain. Bíonn sé deas am a chaitheamh sa bhaile an t-am seo bliana.

Ní bhíonn ró-ghnóthach ach fós bíonn craic timpeall an bhaile... agus tá’s againn gur thar n-ais ar scoil an tseachtain seo chugainn is ea an cúram!

 ??  ?? Spraoi: Beidh Dáithí te teolaí i mbliana! PIC: DÁITHÍ Ó SÉ/FACEBOOK
Spraoi: Beidh Dáithí te teolaí i mbliana! PIC: DÁITHÍ Ó SÉ/FACEBOOK
 ??  ??
 ??  ?? Rithimí rince: Síomha, ar chlé, agus Daithí Ó Drónaí
Rithimí rince: Síomha, ar chlé, agus Daithí Ó Drónaí
 ??  ??

Newspapers in English

Newspapers from Ireland