Na sluaite ag an bPicnic is Gaelaí
Is féidir é a fhógairt go hoifigiúil: is í Picnic Leictreach 2018 an leagan is Gaelaí riamh den mhórfhéile a chuireann deireadh le saoire an tsamhraidh go traidisiúnta.
Beidh an Puball Gaeilge agus an Chollchoill ag cur siamsaíocht ar fáil ó luath ar maidin go dtí... luath ar maidin do na Gaeilgeoirí go léir ar éirigh leo ticéid a fháil don fhéile ealaíon agus chultúir a thosóidh Dé hAoine.
Má tá do thriall ar an Electric Picnic agus má tá fonn ort Gaeilge a labhairt ann, beidh leat i Láthair Champála Oifigiúil Ghaeltachta na féile.
Agus cé nach féidir ticéad a cheannach don fhéile níos mó, is féidir leo siúd a bhfuil ticéad acu cheana féin fanacht sa láthair champála sin ach dul go electricpicnic.ie.
Taobh amuigh den láthair champála, beidh deiseanna le tapú ar fud na féile chun sásamh a bhaint as an teanga agus cultúr, agus an fhéile ag obair i gcomhar le Bliain na Gaeilge chun imeacht thar a bheith speisialta a eagrú sa Chollchoill.
“Beidh filí REIC agus an scéalaí Aindrias de Staic ag treorú na bhfánaithe, agus á gcur faoi gheasa le ceol álainn agus bannaí spleodracha - KNEECAP, Scannal, Seo Linn, Lauren Ní Chasaide, Liam O’Connor, Just Like Us, Dó Fá Dó, The Kelly Hooley agus Cairde (baill Moxie) TCD Trad Soc, Ciréib, Macdara, agus UCC Trad Soc,” a dúirt urlabhraí. “Is féile ealaíon agus chultúir í an Phicnic Leictreach, agus déanfar ceiliúradh ar ár gcultúr agus teanga álainn dhúchais sa Chollchoill,” a dúirt Sorcha O’Reilly ó na heagraithe Festival Republic.
“Is ceantar don Ghaeilge agus do phobal na Gaeilge é seo, ach beidh fáilte roimh chuile dhuine, agus tá súil againn daoine ó chuile chúlra a mhealladh chun sult a bhaint as an gceol agus as an atmaisféar.”