Gardaí go Harris: cuir i gceart an comhoibriú trasteorann ‘rímhall’
Áitítear ar an gCoimisinéir Gardaí nua fiosrúcháin PSNI a thapú
Deir Gardaí sinsearacha sna contaetha cois teorann go dteastaíonn uathu go dtabharfadh an Coimisinéir nua Drew Harris tús áite d’fhiosrúcháin a dhéantar leis an PSNI a thapú.
Cé go ndeirtear go bhfuil an comhoibriú idir an dá fhórsa póilíneachta ar an oileán an-mhaith, mar gheall ar
easpa acmhainní d’fhéadfadh póilíní ar dhá thaobh na teorann fanacht cúpla mí sula ndéanfaí aon dul chun cinn ar fhiosrúcháin a bhíonn sách simplí go minic.
Bhíodh Harris, ar mharaigh an IRA a athair a bhíodh san RUC, ina Leas-Ardchonstábla ar an PSNI.
D’fhoghlaim Seachtain gur thóg sé níos mó ná trí mhí freagra a fháil ar fhiosrúchán simplí faoi charr a d’úsáid buíonta coiriúla sa Phoblacht agus a dhumpáil siad ó thuaidh den teorainn.
Agus tharla an rud céanna nuair a d’iarr an PSNI cúnamh ar na Gardaí.
“Tá an ‘chomhthuiscint’ idir an Garda Síochána agus na póilíní i dTuaisceart Éireann go maith ach an-mhall go deo,” a dúirt foinse slándála amháin ag a bhfuil cur amach ar shraith cásanna.
“Is léir go mbaineann sé le heaspa acmhainní. D’fhéadfaí fanacht cúpla
mí ar fhreagra ar fhiosrúchán simplí agus thuigfeá sin uaireanta toisc nach bhfuil dóthain póilíní sna contaetha teorann – ar ceachtar taobh den teorainn.
“Má fhaightear ceist ón bhfórsa eile, go minic tugtar tús áit do choireanna áitiúla.
“Bheadh go leor Gardaí dóchasach go dtuigfeadh an Coimisinéir nua é sin mar gheall ar a ról roimhe seo i dTuaisceart Éireann.”
COIRIÚLACHT
Dúirt oifigigh sa PSNI agus sa Gharda Síochána go bhféadfadh Breatimeacht gan socrú rabharta nua coiriúlacht trasteorann a chruthú, mar a bhíodh ann i rith na dTrioblóidí nuair a bhíodh toitíní, breosla, alcól agus earraí eile á smuigleáil.
Dúirt an fhoinse slándála: “Ar go leor bealaí, ní fhéadfadh Drew Harris a theacht ag am níos fearr don Gharda Síochána.
“Tá léargas ar leith aige ar bhuíonta sceimhlitheoireachta, ar a gcairde coiriúla agus ar an bhféidearthacht a bhaineann le rabharta coiriúlachta i ndiaidh an Bhreatimeachta.
“Caithfear an luas mall a bhíonn ar chomhoibriú trasteorann a chur ina cheart a luaithe agus is féidir. D’fhéadfadh go mbeadh sé rómhall faoi mhí an Mhárta seo chugainn.”
Ghlac Harris lena ról go moch maidin Dé Luain, cé gur cháin poblachtaigh é mar gheall ar a róil roimhe seo san RUC agus sa PSNI.
Ach chosain an tAire Cosanta Charlie Flanagan agus daoine eile go láidir é.