Irish Independent

An chéad lá scoile: tá garsprioc bainte amach againn mar chlann

- DÁITHÍ Ó SÉ

Is cuimhin liom mo chéad lá scoile. An chéad lá ná rabhas in ann mo Mháthair a thabhairt liom agus í a bheith in aice liom! Bhíos le cos mo Mháthar roimhe sin agus bhí a fhios aici go mbeadh cleasaíoch­t éigin ag teastáil chun mé a chur ar bhóthar mo leasa nó na scoile!

Ní cuimhin liom an mhaidin sin in aon chor ach is cuimhin liom go maith a bheith istigh sa rang lem’ Mháthair, múinteoir agus páistí eile. Dúirt mo Mháthair liom go raibh sí ag dul trasna an bhóthair go dtí an siopa chun ‘Juicy fruits’ a fháil dom. Ní fheadar canathaobh ‘Juicy Fruits’ mar ní rabhadar riamh agam!

Pé scéal é ní raibh faic sa cheann agamsa an uair sin ach mo Mháthair ag teacht ar ais leis na Juicy Fruits seo. Níl aon dabht ann ach gur cleas a bhí anseo chun mo cheann a bhaint ón rud a bhí ar siúl. Níor oibrigh sé.

Ní rabhas sásta go dtáinig mo Mháthair ar ais níos déanaí sa lá leis na Juicy Fruits. Is cuimhin liom chomh maith a bheith ag gol!

Bhí an bhróg ar an gcos eile an tseachtain seo agus an leaid óg ag dul chun na scoile don gcéad uair. An méid sin ráite tá sé tar éis dhá bhliain a thabhairt sa réamhscoil agus níl aon dabht ann ach go gcabhraíon­n sé seo go mór le rudaí. Bhí na páistí ar fad a chuaigh ar scoil don gcéad uair go maith, nílim in ann an rud céanna a rá fés na tuismitheo­irí. Leis an gcaint ar fad a dheintear fé seo cheapas go mbeadh bean an tí seo againne ar a glúine agus ní raibh, ach bhí an bheirt againn mórálach. Mórálach as sinn féin go raibh an pointe seo bainte amach againn mar thuismithe­orí.

Bhí bricfeasta ceiliúrtha againn ina dhiaidh sin agus bhí tuismitheo­irí eile a dhein an rud céanna. Bhíomar ag caint le chéile agus ag sórt gáirí fúinn fhéin, ach lá mór dúinne chomh maith a bhí ann. Go mór mhór dúinne mar níl againn ach an t-aon leaidín amháin!

Leis an gcaint seo ar an gcéad lá mór scoile agus an ócáid mhór a bhí ann tá sórt drogaill orm a rá libh ná raibh ann ach dhá uair an chloig. Mhair an tae leis na tuismitheo­irí eile nach mór chomh fada agus ansan bhí orainn ar fad rith ar ais go dtí an scoil!

Bhí sé go hiontach más ea na leabhair scoile a fháil mar aon leis an éide scoile agus gan radharc ar aon ‘Juicy Fruits’. Tá garsprioc bainte amach againn mar chlann. Dhá cheann eile agus beidh sé sa choláiste, arsa mise le Rita, ní raibh sí sásta! ahaha

 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in English

Newspapers from Ireland