Irish Independent

BURT REYNOLDS: LAOCH HOLLYWOOD AGUS LAOCH NA NGNÁTHDHAO­INE

- DÁITHÍ ÓSÉ

An t-am seo bliana 2010 bhíos fhéin agus an criú ag dul ó theorainn Cheanada síos go deisceart Florida do chlár teilifíse do TG4. Deich gclár ar fad a bhí le déanamh agus sinne ann dhá mhí chun é seo ar fad a chur le chéile. Mar is eol daoibh bíonn formhór dó seo déanta amach roimh ré, ach chomh maith leis sin tagann rudaí chugat ar an mbóthar.

Bhíomar i Jupiter Florida agus sinn ag bualadh le Brendan Grace mar is ann a mhaireann sé sa gheimhread­h lena bhean agus a chlann. Bhí tig tábhairne aige ann uair amháin ‘The Madhatters’. Rúnaigh an t-ainm go maith é!

Bhíos ag caint leis an gcuid eile don gcriú le cúpla lá anuas agus ní féidir le héinne cuimhneamh i gceart conas a tharla sé ach an chéad rud eile bhíomar ag cur agallamh ar Bhurt Reynolds ina thig fhéin i Jupiter Florida!

An t-aon rud a thagann chugam mar gheall air seo ar fad ná go raibh an GaelMheiri­ceánach seo ag bualadh le Brendan agus bhí aithne mhaith aici ar Bhurt agus an chéad rud eile bhí sé seo ag tarlú. Is dóigh liom fhéin go raibh an oiread ionaidh orainn ar fad go dtarla seo go ndeineamar dearúd ar ghach a tharla timpeall air!

Suas linn go tig Bhurt. Ding Dong ag an ngeata agus isteach linn. Tig réasúnta mór, ach ní mar iad siúd a chífeá i Hollywood. Tháinig Burt fhéin amach mar a dhéanfadh seana-chara leat agus isteach linn.

Tháinig a chúntóir pearsanta isteach ag an bpointe seo agus dúirt sé go raibh 20 nóiméad againn, bhíomarna ana-shásta leis sin agus thosnaigh an t-agallamh. Bhíomar istigh i dtábhairne sa tig a bhí ar thaobh na cistine.

Bhí Burt ana-dheas ón gcéad soicind. Bhí

teocht le brath uaidh. Thosnaíoma­r ag an dtús agus bhí a lán le caint fé. An chéad rud eile tháinig a chúntóir pearsanta isteach. “Tá an 20 nóiméad caite,” a dúirt sé.

Chas Burt chuige: “These guys are cool, we’ll be here a while.” Bhíomarna ag féachaint ar a chéile mar go rabhamar tar éis Oscar a fháil. Moladh ó Bhurt Reynolds go rabhamar ‘Cool’. Bhíos chun T-Léine a fháil dom fhéin. Dúirt Burt Reynolds go rabhas ‘Cúl’.

Mhair an t-agallamh tuairim is uair an chloig. Ceann dos na rudaí ba spéisiúla a dhein sé le linn an agallaimh ná nuair a bhíomar ag caint ar an scannán Deliveranc­e dhein sé an píosa gránna sin sa scannán ina ndeintear tagairt ar mhuca dúinn. Bhí sé ag béiceadh fé mar a bheadh gealt ann. Cuimhineoi­dh mé go deo air.

Nuair a bhí an t-agallamh déanta bhíomar ag bailiú gach aon ní agus bhíomar réidh le dul ar an mbóthar arís nuair a dúirt Burt “An mbeidh tae nó caife agaibh?” Ní raibh éinne chun an deoch sin a dhiúltú! Is cuimhin liom a bheith sa chistin leis ag ól tae agus sinn ar caint ar iománaíoch­t.

Nuair a bhí sé in Éirinn chuaigh sé ag féachaint ar chúpla cluiche iomána agus bhí sé tógtha léi.

Nuair a bhíomar ag fágaint thug sé

barróg do gach duine againn. Bhíomar ar fad lenár mbéil oscailte againn ar feadh dhá lá ina dhiaidh sin! Níor chreideama­r go rabhamar i dtig Bhurt Reynolds agus go raibh sé chomh deas d’fhear a shiúil i mbróga riamh!

Sea Burt Reynolds, laoch Hollywood agus laoch na ngnáthdhao­ine chomh maith!

 ??  ??
 ??  ??
 ??  ??
 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in English

Newspapers from Ireland