Irish Independent

Níos mó sagart le fáil thar lear agus líon na nAifreann á laghdú

Líon na gcléireach gníomhach laghdaithe 43 faoin gcéad ó 1995

- Le Sinéad Nic Con Rí

Tá an Eaglais Chaitlicea­ch le níos mó sagart a fháil thar lear agus líon na nAifreann á laghdú go mór.

Cúpla lá i ndiaidh don Phápa Proinsias cuairt a thabhairt ar Éirinn, ceapadh ceathrar sagart as an India in

Ard-Deoise Thuama – an tAthair Anthaiah Pudota ina measc, a ndearnadh Ministir dó ar Scrín Chnoc Mhuire, áit a raibh an Pápa an mhí seo caite.

Níl ansin ach na sagairt is deireanaí atá tagtha as tíortha eile le hoibriú in Éirinn. Agus tá líon na nAifreann á laghdú ar fud deoisí eile le cúpla mí anuas toisc go bhfuil ag teip ar easpaig sagairt nua a aimsiú le teacht i gcomharbac­ht ar na sagairt áitiúla atá ag dul amach ar a bpinsean.

In Ard-Deoise Thuama, is é an tAthair Britus Kadavunkal riarthóir nua Pharóiste mór Achadh Ghobhair/Chois Locha. Agus tá Indiach eile, an tAthair Dixy Faber, le tosú i gCaisleán an Bharraigh. Beidh an laghdú ar ghairmeach­a crábhaidh le brath ar fud Dheoise Chlochair ar an teorainn ó thús na míosa seo chugainn, áit a bhfuil líon na nAifreann le laghdú agus sagairt le tabhairt faoi chúpla seirbhís deireadh seachtaine i gceantair éagsúla.

Baineann an deoise seo le cuid de Mhuineachá­n, an Cabhán, Dún na nGall, Fear Manach agus Tír Eoghain.

Ar lean ó leathanach 54

“Níl ach 58 sagart i nDeoise Chlochair atá gníomhach i

ministreac­ht pharóiste faoi láthair, agus tá 28 díobh siúd os cionn 65 bliana d’aois,” a dúirt urlabhraí thar ceann Dheoise Chlochair, Gary Carville.

“Léirítear inár n-athbhreith­niú nach bhfuil ach 44 sagart faoi bhun 75 bliana d’aois sa deoise, agus go bhfuil siadsan ag freastal ar phobail in 85 séipéal agus 37 paróiste na deoise.

PARÓISTE

“Beidh laghdú ar líon na nAifreann ar fud na deoise, ó 113 faoi láthair go 96, laghdú 15%. Beidh an tAifreann le roinnt idir dhá nó trí shéipéal ag an deireadh seachtaine in go leor paróistí. I gcásanna áirithe, ní bheidh Aifreann i séipéil faoi leith ach ar Dhomhnach ainmnithe gach mí.

“Caithfear líon na nAifreann a laghdú le go mbeidh an líon níos lú sagart in ann cúpla Aifreann a léamh ag an deireadh seachtaine i gcúpla paróiste.”

Dúirt riarthóir na Deoise, an Moinsíneoi­r Joseph McGuinness, go bhfuil sé tábhachtac­h “go leanfaí ag léamh an Aifrinn i ngach séipéal sa deoise agus gur ionad beo adhartha gach séipéal i gcónaí. Níl aon chaint ar aon séipéal a dhúnadh.”

Dúirt an Associatio­n of Catholic Priests, a thacaíonn le sagairt mná agus le sagairt phósta, go bhfuil líon na gcléireach gníomhach laghdaithe 43% ó 1995.

Cruthaíonn an treocht dúshlán faoi leith do pharóistí Gaeltachta, toisc go bhféadfadh go mbeadh deacracht acu sagairt le Gaeilge a aimsiú.

Dúirt Gaillimhea­ch amháin le Seachtain: “Tá ár sagart paróiste ag rá linn le blianta nach féidir a bheith cinnte go mbeidh sagart againn tar éis dó dul amach ar a phinsean.”

Newspapers in English

Newspapers from Ireland