DEA-SHEACHTAIN / DROCHSHEACHTAIN LE CHRIS GREENE
DEA-SHEACHTAIN: IMPIREACHT NA HÉIREANN
Bhuel, bhuel, bhuel. Tuairiscíodh an tseachtain seo caite go raibh méadú cúig oiread idir 2016 agus 2017 ar na hiarratais chun saoránacht
Bhriotanach a athrú go hÉireannach. Bhí carr agam san ollscoil, agus mar gheall air sin bhí cúpla cara agam a d’fhéadfá a rá nach mbeadh ró-chairdiúil liom murach sin.
Is dóigh liom gurb í Éire anois an cara sin le gluaisteán le haghaidh go leor daoine ón mBreatain, ach sí saorghluaiseacht daoine, earraí, seirbhísí agus na céadta cosaint shóisialta an carr sa chás seo.
Níl mé ag iarraidh an iomarca mórtais a déanamh faoi, ach tá blas iontach ón scéal seo nach bhfuil?
Idir é seo agus leath den daonra scaipthe ar fud Cheanada agus na hAstráile d’fhéadfá a rá nach dtagann luí na gréine riamh ar Impireacht na hÉireann.
DROCHSHEACHTAIN: MICHEÁL D Ó HUIGÍNN
Dúirt mé ar an 25ú lá de mhí Iúil san alt seo nach raibh aon rud ag Micheál D le bheith buartha faoi, ach tá sé soiléir anois nach raibh an ceart agam ar chor ar bith (ar ócáid annamh a tharlaíonn sé).
Anois beidh triúr iarrthóirí ar a laghad ann don uachtaránacht, leis an nuacht an tseachtain seo go raibh ainmniúcháin urraithe faighte ag Joan Freeman agus Sean Gallagher.
Tá rás na huachtaránachta sa tír seo cosúil le heagrán an-leadránach den teilifís réaltachta, ach b’fhéidir leis na carachtair nua seo go bhféadfaimis athbheochan a fheiceáil.
Ní mór do na stáisiúin náisiúnta teilifíse agus raidió dul go hiomlán Fox News air. Nuacht leanúnach ceithre uair is fiche, conspóidí faoi theastas breithe, nó b’fhéidir líomhaintí faoi mhí-úsáid ríomhphost.
Má táimid chun an cur amú airgid seo a dhéanamh, tá súil agam go mbeidh sé siamsúil ar a laghad.