Irish Independent

Mairfidh na púcaí go dtí meán oíche anocht!

-

Braithim go bhfuil Oíche Shamhna ag teacht le tamall, beidh an rud céanna á rá agam fén Nollaig i gceann dhá mhí!

An méid sin ráite dá mbeifeá i gcuid nó formhór dos na hollmharga­í cheapfá go raibh an Nollaig buailte orainn!

Pé scéal é mairfidh na púcaí go dtí meán oíche anocht agus sin sin go dtí an bhliain seo chugainn!

Gan dabht anocht oíche chinn bliana dos na Págánaigh, seo an oíche go bhfuil an doras go dtí an saol eile oscailte agus cead againn cuairt a thabhairt orthu agus a mhalairt chomh maith. Is cuimhin liom a bheith sa Choláiste agus a bheith ag foghlaim faoi seo agus bhíos ana-thógtha leis.

Dhein an chuid seo don gcúrsa ana-chiall dom! Ach dheineas amach go raibh an doras sin oscailte níos minicí ná oíche amháin sa bhliain! Scríobhas é seo in aiste uair amháin agus is cuimhin liom ná raibh an léachtóir ró-thógtha lem’ argóint!

Ag cuimhneamh siar b’ócáid mór go maith Oíche Shamhna sa tig a bhí ann ach ní cuimhin liom ach dul ó thig go tig ach uair nó dhó agus ní raibh ann ach beirt nó triúr againn. Bhíodh cluichí á n-imirt againn, an t-úll sa bháisín agus chaithfeá an t-úll a thabhairt leat led’ bhéal.

Bhíodh úll crochta ón tsíleáil led’ lámha ceangailte taobh thiar de do dhroim agus caithfeá an t-úll a ithe mar sin. Cluichí simplí ach bhí cad é craic againn leo.

Tá sé tábhachtac­h dar liom na cluichí simplí a choimeád sa lá atá inniu ann. Agus cé go mbíonn teacht le chéile cuibhseach mór againn baintear ana-chraic as an tsimplíoch­t chomh maith!

Is cuimhin liom a bheith ag maireachtá­il sa Chathair agus na leanaí óga ag teacht chun an dorais agus milseáin á dtabhairt amach agam, iad ina mbeirt agus ina dtriúr agus sin mar a bhí. Cheapas chomh maith go raibh sé go deas go raibh sé sábháilte dóibh dul timpeall. Táim amuigh fén dtuath anois agus thart ar dheich dtig ar ár mbóthar agus tagann na tithe ar fad le chéile agus téann idir óg agus aosta amach le chéile agus timpeall go dtí na tithe ar fad. Sí anocht an oíche is fearr sa bhliain.

An rud is fearr faoi seo ná fiú na tithe le daoine aosta iontu, bíonn na geataí ar oscailt agus bíonn siad sin gléasta chomh maith agus cuid dos na daoine seo ins na 80idí. Baineann Mícheál anagháire astu. Tá súil agamsa

go mbead mar sin agus mé an aois sin.

 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in English

Newspapers from Ireland