Irish Independent

SCÉAL NA SEACHTAINE

- le Máire Treasa Ní Cheallaigh PIC: PA

Bhuail tragóid Leicester City ar an deireadh seachtaine, eachtra a léirigh dúinn ar fad chomh leochailea­ch agus atá an saol agus na laethanta maithe. Cuireann tubaiste mar seo i gcuimhne dúinn go bhfuil níos mó sa saol seo seachas cúil agus cluichí.

Ní dhéanfar dearmad ar shíscéal Leicester in 2016 nuair a thug siad aghaidh ar fhathaigh na Príomhroin­ne. Ach níor chuala muid mórán faoin obair eile a rinne úinéir an chlub sa chathair. Ó thuairt an héileacapt­ar, chuala muid ó phobal Leicester a labhair go geanúil ar na húinéirí, ag rá go ndearna siad iarracht dul i gcion ar na daoine ansin agus go raibh sé soiléir go raibh siad ag iarraidh dea-thionchar a bheith acu ar an bpobal i gcoitinne.

Mar shampla, níor ardaíodh praghas na dticéad séasúir le ceithre bliana agus nuair a ghnóthaigh Leicester in 2016, bhronn na húinéirí os cionn €2m ar ospidéal na leanaí ansin.

Leis an dea-shampla a thaispeáin Vichai Srivaddhan­aprabha ina cheantar uchtaithe, ghnóthaigh sé croíthe an phobail, agus is iontach an oidhreacht ésin.

 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in English

Newspapers from Ireland