Letter - freagra samplach
Óstán Paramount, Manhattan, Nua Eabhrac. 8 lúnasa 2019
A Mháire, a chara,
Conas atá tú féin agus do theaghlach? Is fada an lá ó chuala me uait. Tá súil agam go bhfuil gach rud ar fónamh! An bhfuil tú ag baint taitnimh as na laethanta saoire? Tá dea-scéala agam duit.
Bhuel, Beannachtaí ón Nua Eabhrac! Táim anseo le mo chlann ar feadh seachtaine. Is cathair iontach í. Fan go gcloisfidh tú céard a tharla dom inné.
Bhí Sorcha agus mé féin i lár Times Square nuair a tháinig láithreoir inár dtreo. Chuir an láithreoir ceist orainn árbh as Meiriceá muid agus dúramar go raibheamar anseo ar laethanta saoire ó Éirinn. Is ansin a dúirt sí “An féidir liom agallamh beag a chur oraibh le bhur dtoil? Táimid ag déanamh clár fáisnéise ar thurasóireacht anseo i Manhattan. Bhí an bheirt againn ar bís!
Lean sí ag cur ceiste orainn maidir leis na radharcanna cáiliúla a chonaiceamar. D’fhiafraigh sí dínn ansin faoi na buntáistí agus na míbhuntáistí as teacht go Nua Eabhrac. Bhí an fear ceamara ag taifeadadh. Bhí náire an domhain orainn.
Bhaineamar an méid sin taitneamh as, caithfidh mé a rá. Ag deireadh an agallaimh, luaigh sí go mbéadh sé ar siúl ar an gcéadaoin ar ‘Fox News’ ar a seacht a chlog. Thug sí dearbháin dúinn freisin. Bhí ríméad orainn.
Bhuel, níl a thuilleadh le rá agamsa, Tá súil agam go bhfuil gach rud thar cinn agus abair le gach duine go raibh mé ag cur a dtuairisce. Tógfaidh mé bronntanas beag arais duit. Beidh mé i dteagmháil nuair a shroichfidh mé abhaile,
Slán go fóill, Do chara, Clár.