Sibéal Ní Chasaide: Réalta ó Ráth Chairn
Is as Gaeltacht Ráth Chairn i gContae na Mí í an t-amhránaí Sibéal Ní Chasaide. Ag 20 bliain d’aois, is í an t-ambasadóir is óige a bhí ag Seachtain na Gaeilge le Energia riamh í!
Is as clann an-cheolmhar í – tá sí gaolta le baill an ghrúpa Na Casadaigh – agus tá amhránaíocht ar an sean-nós á cleachtadh aici ó bhí sí sé bliana d’aois.
Sibéal first started making waves when she sang a special arrangement of Patrick Pearse’s Mise Éire at the official commemorations of the 1916 Rising.
Tá an t-amhránaí óg ag freastal ar UCD anois, ag déanamh staidéir le bheith ina fisiteiripeoir. Cónaíonn sé i dTeach na Gaeilge agus tá sí an-bhainteach leis an gCumann Gaelach ann.
Tá sí sínithe leis an lipéad ceoil Universal agus todhchaí mhór roimpi, agus beidh an chéad albam aonair dá cuid á eisiúint sa samhradh, ar an 7 Meitheamh 2019.
This is the first album she has done that is just her, she says. “I think this is a new take on traditional music. The music being written now is more evocative. It triggers emotions.”
Ghlac sí páirt sa togra CEOL 2018 anuraidh, dlúthdhiosca d’amhráin Ghaeilge a scaipeadh ar 350,000 dalta scoile mar chuid de Bhliain na Gaeilge, a d’eagraigh Conradh na Gaeilge, RTÉ 2FM agus Eoghan McDermott.
Chan sí aistriúchán Gaeilge den amhrán Linger le The Cranberries, dar teideal Fuarú.
Ag trácht dó ar bhás tragóideach an cheoltóra Dolores O’Riordan, dúirt McDermott gur “onóir mhór” í gur bhronn The Cranberries an bunleagan d’fhuaimrian taca an amhráin Linger ar lucht CEOL 2018. “Taifead draíochtúil atá déanta ag Sibéal Ní Chasaide ar an amhrán,” arsa Eoghan McDermott. Chan sí an leagan Gaeilge den amhrán beo ar an gclár The Late Late Show ar RTÉ chomh maith.