Irish Independent

Súil chliste caite chun cinn ag TG4lePeilA­strálachna­m Ban

- LE GRÁINNE McELWAIN

Achunr an lá dheireanac­h den fheachtas 20x20 cuireadh taighde i láthair faoin dul cinn atá déanta ag spórt na mban i dtaobh na spriocanna a leagadh síos ag tús an fheachtais i mí na Samhna 2018.

Mar a luaigh mé cheana, d’éirigh thar barr leis mar fheachtas feasachta agus margaíocht­a ach tuigtear go maith go bhfuil i bhfad níos mó le déanamh.

Rud amháin a sheas amach faoin taighde a cuireadh i láthair ag 20x20 ná go bhfuil laghdú 40 faoin gcéad tagtha ar chlúdach spórt na mban ach amháin ar na stáisiúin teilifíse TG4 agus RTÉ.

Cinnte is féidir an locht a chur ar an víreas corónach agus an dóigh nach raibh mórán spórt beo ar siúl ach ní thugann sé sin san áireamh an méadú a tháinig ar chlúdach spóirt ar RTÉ agus TG4.

Sílim gur ghlac an dá stáisiún go hiomlán leis an teachtaire­acht #cantseecan­tbe agus rinneadh sár-iarracht an méid spóirt a imríonn mná a chur chun cinn.

Chun a bheith féaráilte do TG4, tá siad ag cur spórt na mban chun cinn le fada an lá. In 2020 bhí siad ag comóradh fiche bliain ó thosaigh siad ag craoladh Peil na mBan Beo den chéad uair agus is beag stáisiún ar domhan a bhfuil sé sin déanta acu.

Seachtain mhaith eile a bhí ann don stáisiún nuair a tháinig sé chun solais go mbeidh Peil Astrálach na mBan le feiceáil ar an stáisiún den chéad uair.

Comórtas NAB AFL atá i gceist le 14 fhoireann páirteach ann. Bunaíodh an comórtas in 2017 agus tá líon na foirne ag méadú bliain i ndiaidh bliana.

Mairfidh an comórtas 12 sheachtain agus súil an babhta ceannais a imirt an 17 Aibreán. Is coup mór é do TG4 mar go bhfuil 14 de na himreoirí is fearr as Éirinn imithe chun na hAstráile ag imirt ann agus láidríonn sé an nasc idir TG4 agus Peil na mBan.

Beidh cluiche iomlán iarbheo ann gach Satharn ag toiseacht Dé Sathairn seo le buaicphoin­tí ar na cluichí uilig san oíche Dé Luain ag a 8in.

Is rud tábhachtac­h é a bheith in ann na himreoirí seo a fheiceáil. Cuireann an pobal aithne ar na himreoirí, agus bíonn spéis ag urraitheoi­rí agus ag comhlachta­í infheistío­cht a dhéanamh orthu.

Tugann an t-aitheantas seans do chailíní agus buachaillí óga na laochra seo a leanúint.

Níl ann ach bealach amháin chun aithne a chur ar na himreoirí is fearr agus caithfidh tú a bheith in ann féachaint orthu. Sin é an chumhacht a bhaineann le teilifís. Ba léir ó na teachtaire­achtaí faoi seo ar na meáin shóisialta go bhfuil dúil ag an phobal sa chluiche, le hardmholad­h faighte ag an stáisiún faoi na cluichí a thaispeáin­t.

Deirtear go leor faoi ‘Shúil Eile’ an stáisiúin ach an uair seo sílim go bhfuil súil iontach caite chun cinn acu.

 ??  ??

Newspapers in English

Newspapers from Ireland