Fada ag fanacht le seirbhís Ghaeilge
Ba cheart go mbeadh Banc na hÉireann ábalta ‘fadaí’ a ghlacadh in ainmeacha a chuid custaiméirí, a deir Conradh na Gaeilge.
Bhí rírá an tseachtain seo nuair a rinne custaiméir gearán ar Twitter nár ghlac an banc lena ainm mar gheall ar an sloinne ‘Ó’.
Ach thug an banc le fios nach raibh an cumas ag a chóras ríomhaireachta an síneadh fada a aithint.
Ag labhairt dóibh le Seachtain, dúirt urlabhraí de chuid an bhainc go raibh “srianta teicniúla” ar an mbanc.
“Tuigimid go gcuireann seo frustrachas ar dhaoine agus gabhaimid leithscéal as ucht sin,” a dúirt siad.
Leasú
Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh leasú ar Acht na dTeangacha le go mbeadh sé de dhualgas ar gach banc seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge.
Dúirt Julian de Spáinn, Ardrúnaí an Chonartha: “Níor ceadaíodh leasuithe ar an Acht a d’fhágfadh dualgas ar na bainc seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge, bíodh is go bhfuil na bainc chéanna in úinéireacht an stáit ón am gur tháinig an stát i gcabhair orthu nuair a bhí an éigeandáil bhaincéireachta ann in 2008.”
Thug go leor Gaeilgeoirí le fios ar na meáin shóisialta go bhféadfaidís seirbhís a fháil a d’aithneodh an ‘fada’ i mbainc ar mhór-roinn na hEorpa.
Dúirt duine amháin: “Tá an oiread sin ‘Ó’ agus Ní’ in Éirinn ar ndóigh agus ba cheart go raibh an teicneolaíocht ann chun iad a ghlacadh.”
Ní hé seo an chéad uair ag Banc na hÉireann a bheith in adharca le Gaeilgeoirí nó, trí bliana ó shin, bhí an banc céanna ag tabhairt le fios go raibh siad ag aistarraingt uathmheaisíní bainc (ATM) le rogha Gaeilge ó ollmhargaí thuaidh is theas.
Luaigh de Spáinn moltaí a rinne Catherine Connolly agus Bríd Smith sa Dáil ag lorg go mbeadh seirbhísí trí Ghaeilge sa Ghaeltacht faoi 2025 agus 2030 faoi sheach – tá aisfhreagra an rialtais fós le teacht.
“Beidh sin suimiúil nuair a thagann sé,” a dúirt sé.