Cluas na Seachtaine
Podchraoladh ClubLeabhar ar Soundcloud
Éist le Seán Ó Catháin i mbun cainte le Muireann Ní Raghallaigh, aisteoir as an Mhí, agus Muiris Ó Raghallaigh, eagarthóir leis an Ghúm, faoi Beatha Phí, leagan Gaeilge den úrscéal rathúil Life of Pi.
Is úrscéal fealsúnachta é a scríobh an Ceanadach Yann Martel agus a foilsíodh ar dtús i mBéarla in 2001.
Tá 10 milliún cóip den leabhar díolta ar fud an domhain ó shin – agus roinnt breise anois mar gheall ar an aistriúchán Gaeilge a rinne Risteard Mac Annraoi air agus a foilsíodh anuraidh!
Is céimí de chuid Choláiste na Tríonóide é Risteárd, agus go leor leabhar agus aistí leis i gcló. Pléann cuid díobh le stair phobal na gCaecar – nó Cumann na gCarad – in Éirinn, lena mbaineann sé féin.
Ba é an chaint uilig roimh an Superbowl an tseachtain seo caite ná an choimhlint a bheadh ann idir Tom Brady – duine de na ceathrúchúlaithe is fearr riamh a d’imir an cluiche NFL – agus Patrick Mahomes, an ceathrúchúlaí iomráiteach a shínigh conradh deich mbliana leis na K ansas City Chiefs anuraidh do níos mó ná $500 milliún.
Is é Brady réalt mhór an chluiche le 20 bliain anuas agus é sa tóir ar a sheachtú fáinne, ach leis na Tampa Bay Buccaneers an uair seo. D’aimsigh sé sé cinn leis na New England Patriots.
Bhuaigh Mahomes a chéad fháinne anuraidh agus ó thaobh na margaíochta de bhí sé ina chomórtas idir óige an éilitheora nuaaran choróin agus aois an rí é féin.
Bhí Mahomes sé bliana d’aois nuair a bhuaigh Brady a chéad fháinne. Bhí Brady ag aois 43 bliain ag iarraidh a bheith ar an dara duine a bhuaigh an Superbowl le dhá fhoireann dhifriúla. Ar an oíche, d’éirigh leis an mháistir agus tá níos mó fáinní aige anois ná aon duine nó fiú foireann riamh i stair an chomórtais. Bhuaigh sé an gradam Laoch na hImeartha chomh maith.
Rud a sheas amach dom ná nach n-éisteann Brady leis an torann taobh amuigh den timpeallacht shábhailte atá cruthaithe aige féin.
Ó bhí sé óg, tá daoine ag rá faoi nach féidir leis seo nó siúd a dhéanamh. Is scéal mór anois é ach nuair a thosaigh sé amach, ní raibh suim ag mórán foirne ann mar cheathrúchúlaí. Ceapadh ag an am nach raibh sé maith go leor don jab agus roghnaíodh seisear ceathrúchúlaithe eile sula bhfuair sé deis imirt leis na Patriots in 2000.
Nuair a chríochnaigh sé leis na Patriots, níor cheap daoine go raibh ciall ar bith leis dul go Florida chun cuidiú le foireann nach raibh ach Superbowl amháin buaite acu in 2003. Dúradh nach mbeadh sé in ann an Superbowl a bhuachan gan Bill Belichick, an cóitseálaí a bhí aige i mBostún. Bhí sé ró-shean ag 43 agus cén fáth nach raibh sé ag éirí as?
Nuair a dúirt Brady gur mhaith leis imirt go aois 45 bliain d’aois, thosaigh daoine ag gáire agus ag rá go raibh sé dodhéanta.
Oíche stairiúil a bhí ann ar go leor slite. Féach ar Bruce Airans, cóitseálaí Tampa Bay Buccaneers. Agaois68bliaintáséaran chóitseálaí is sine a bhuaigh an
Superbowl. Nach bhfuil sé go maith nár stop sé féin ar a thuras peile? D’éirigh le beirt bhan – Maral Javadifar agus LoriLocust – an Superbowl a bhuachan agus iad ina gcéad chóitseálaithe mná a rinne sin.
Chreid Brady ann féin agus thuig sé i gcónaí cé chomh luachmhar is atá sé mar imreoir agus duine. Bíonn cuma umhal agus ionraic air sna hagallaimh ach sílim go léiríonn an t-éacht atá déanta aige dúinn gan dearmad a dhéanamh ar ár mbrionglóidí féin – ná bí ag éisteacht le daoine nach bhfuil i do ghrúpa sábhailte féin agus níl an clog ag bualadh do do bhrionglóidí a chomhlíonadh.
Níl san aois ach uimhir. Sampla maith faighte againn sa Superbowl Dé Domhnach dó sin.