Irish Independent

Scrúdú mór eile agus na Francaigh ar a mbealach

- Le Gráinne McElwain

Bhí Éire mar rogha na n-údar leis an lámh in uachtar a fháil ar an Bhreatain Bheag an tseachtain seo caite le bua ag teastáil go géar ón dá fhoireann chun iad a spreagadh i gcomórtas na Sé Náisiún.

Aon rud a bhí in ann dul mícheart do na hÉireannai­gh, tharla sé in Caerdydd le cárta dearg, botúin láimhseála, easpa smachta agus droch-chinntí. Chaill siad 21-16 agus iad briste ina dhiaidh.

Rudaí dearfacha ar dtús báire. D’oibrigh an chlibirt, an síneadh amach agus an chrágáil go maith agus chonaic muid taispeánta­is den scoth ó Robbie Henshaw agus Tadhg Beirne go háirithe. Léirigh Éire an-charachtar, iad taobh thiar 6-0, chun críochnú chun cinn ag leatham 13-6.

Níor stop siad ag imirt le 14 imreoir agus chaithfeá a bheith an-tógtha nár ghéill siad.

Anois na rudaí nach raibh chomh maith sin. Cuireadh Peter Mahony den pháirc sa 14ú bomaite mar gheall ar an

ghlanadh a rinne sé ar Tomas Francis. Ní raibh aon ghearán ag aon duine faoin phionós sin ach d’fhág sé Éire le sliabh mór os a gcomhair ón am sin ar aghaidh.

Chaill Éire Robbie Henshaw ar feadh píosa, James Ryan agus Johnny Sexton do scrúduithe HIA. Bhí seans ag an ionadaí Billy Burns Éire a choinneáil sa chluiche leis an chic dheireanac­h ach níor bhain sé an taobhlíne amach. Bhí Burns trína chéile ag an deireadh.

Cá seasann rudaí mar sin Dé Domhnaigh le cuairt na Fraince chuig Staid Aviva? Bhí bua thar a bheith compordach ag an Fhrainc 50-10 i gcoinne na hIodáile agus iad mar rogha na n-údar an comórtas a bhaint i mbliana.

Tá imní faoi Johnny Sexton agus an mbeidh sé in ann tosnú ag an deireadh seachtaine? Cinnte beidh Peter O’Mahony ar fionraí agus tá ceist mhór faoicé a thiocfas isteach in áit Sexton muna bhfuil sé ar fáil.

Mothaím an-trua do Burns as an dóigh ar chríochnai­gh an cluiche dó ach beidh a fhios aige go gcaithfidh tú na ciceanna seo a fháil ag an leibhéal seo.

Rinne Sexton an botún céanna níos luaithe sa chluiche ach tá céim mhór foghlamtha ag Burns. Beidh le feiceáil an bhfanfaidh Andy Farrell leis nó an bhfeicfidh muid leithéidí Jack Carty, Ross Byrne nó Harry Byrne ag teacht isteach mar uimhir a dó do Sexton. Níl ach seacht lá ag Éirinn le dul i ngleic leis an dóigh gur chaill siad an cluiche agus teacht ar ais chucu féin tar éis cluiche thar a bheith fisiciúil.

Beidh le feiceáil cé chomh réidh is a bheidh siad d’fhoireann láidir na Fraince nár chuir cluiche na hIodáile mórán as dóibh. Scrúdú mór eile os comhair na nÉireannac­h.

 ??  ?? Náisiún Comórtas na Sé
Staid Aviva, Éire v na Fraince, Dé Domhnaigh @15.00. One Beo ar Virgin Media
Díomách: Billy Burns faoi bhrón Dé Domhnaigh
Náisiún Comórtas na Sé Staid Aviva, Éire v na Fraince, Dé Domhnaigh @15.00. One Beo ar Virgin Media Díomách: Billy Burns faoi bhrón Dé Domhnaigh

Newspapers in English

Newspapers from Ireland