Glór na Gaeltachta
‘Bhí Chantelle ina réalta ó bhí sí ar Glór Tíre TG4’
Is cinnte go mbeidh Chantelle Nic Phaidín ina réalta!
B’in an bhreith a thug láithreoir RTÉ RnaG Jo Ní Chéide ar an amhránaí ó Bhéal an Mhuirthead i nGaeltacht Mhaigh Eo a mheall vótaí ar The Voice UK ag an deireadh seachtaine.
Cé gur bhrúigh Ollie Murs agus Will.I.Am an cnaipe ar son Chantelle, amhránaí a bhí le feiscint in 2018 ar Glór TíreTG4áitarchansí‘Siargo Conamara’, bhí Tom Jones agus Anne Marie, na moltóirí eile ar
an gclár, ar buille nár chas siad a gcathaoireacha ar son bhean Mhaigh Eo.
“Schmuck!” a thug Tom Jones air féin agus dar le Anne Marie goraibhbotúnmórdéantaaici.
Dar le Jo Ní Chéide, tá Chantelle ábalta amhráin na seanfhondúirí agus na réaltaí óga a chanadh.
Bhí sí ar an amhránaí ab óige ar ardán an Galtymore, halla ceoil iomráiteach i Londain, nuair a bhí sí 12 bhliain d’aois, ó bhí Margot, aintín Daniel O’Donnell, ann sna 70idí, agus dhá bhliain ó shin chuaigh sí ar camchuairt timpeall na tíre in éineacht le Nathan Carter.
“Creidim go mbeidh sí ina réalt. Tá glór an-aibí, cumhachtach agus éagsúil aici. Dúirt mé ar Glór Tíre go ndéanfadh sí ainm di fhéin,” arsa Jo.
Beidh pobal Ghaeltacht Mhaigh Eo – agus Gaeltachtaí eile ina bhfuil dúil mhór sa cheol tíre – ag faire agus agéisteachtgogéararThe Voice UK le súil a choimeád ar Chantelle sna seachtainí romhainn.
Deir Chantelle gurb é a seanathair Tony Cawley, atá ina cheoltóir agus a bhí ag amharc ar an seó beo ar an idirlíon i Maigh Eo, a fáth ar thosaigh sí ag ceol.