RTÉ Guide Christmas Edition

Ó Chorca Dhuibhne go Cill Bhríde

-

12.08pm

RTÉ Raidió na Gaeltachta

D’fhág seacht gcinn do theaghlaig­h Corca Dhuibhne idir 1956 agus 1957 agus thugadar a n-aghaidh ar Chill Mhantáin.

Dúil i ngabháltai­sí talún níos fearr agus an fonn a gclann a choimeád ón imirce go dtí na

Stáit Aontaithe faoi ndearadh dóibh tabhairt faoin aistear.

D’imigh ceithre líon tí ó Pharóiste an Fheirtéara­igh, muintir Laoithe agus muintir Bhudhlaeir ó Ard na Caithne, muintir Shé na ngort ndubh, agus Dan Pheats Ó Catháin agus a líon tí ó Chloithear.

D’fhág na Súilleabhá­naigh Baile Uí Shé, agus bhog Grífínigh ó Chinn Aird agus muintir Chinnéide ó Abha na Scáil chomh maith.

Roinneadh talamh ó Eastáit Thiarna Chill Mhantáin orthu i bparóiste Chill Bhríde láimh leis an Inbhear Mór. Bhí sé deacair aige cuid acu socrú síos agus iad croíbhrist­e i ndiaidh a ngaolta is a ndaoine muintearth­a. Bhí cuid acu nár fhill abhaile riamh. Tá a gclann siúd agus clann a gclainne fós lonnaithe i gcill Mhantáin inniu, agus an chuid is mó díobh ag plé leis an bhfeirmeoi­reacht.

Ach maireann cuimhne orthu ins na bailte a d’fhágadar i gcorca Dhuibhne, agus ar an bhfaoiseam­h a thug a n-imeacht do na comharsain nuair a roinneadh a dtalamh orthu. Tugann Helen Ní Shé cuairt ar Chill Bhríde sa chlár seo, agus labhrann sí leo siúd go bhfuil cuimhní geala fós acu ar Chorca Dhuibhne.

Faighimid tuiscint chomh maith sa chlár ar an dtionchar a bhí ag an aistriú orthu siúd a d’fhágadar ina ndiaidh.

Helen Ní Shé travels to Kilbride, where families were drawn by the prospect of better landholdin­gs, and the chance to save their families from emigration to the US between 1956 and 1957.

Across this show the host speak to some of those who left, as well as their families.

 ?? ??

Newspapers in English

Newspapers from Ireland