RTÉ Guide

Iris Aniar

-

9.15am

RTÉ Raidió na Gaeltachta

Bhí os cionn 750 dalta idirbhlian­a páirteach i gClár na gComhlacht­aí i mbliana, clár atá á reáchtáil ag Údarás na Gaeltachta i gcomhar le Junior Achievemen­t Ireland agus é mar aidhm aige fiontraith­e óga a spreagadh i gceantair Ghaeltacht­a i gCorcaigh, i nDún na nGall, i nGaillimh, i Maigh Eo, i gCo na Mí, i gCiarraí agus i bPort Láirge chun a gcuid mionghnóla­chtaí féin a chur ar bun.

Dé Céadaoin 6 Márta, beidh Craobh Réigiúnach an Iarthair ar siúl i Seanscoil Sailearna, agus beidh Iris Aniar ag craoladh beo ón ócáid ó 9.15am ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Cuirfidh na scoileanna a gcuid earraí ar taispeáint ansin, agus cuirfidh siad a gcuid pleananna gnó i láthair do na moltóirí.

Don chomórtas, caithfidh na daltaí teacht aníos le smaointe gnó agus iad sin a fhorbairt, caithfidh siad maoiniú a aimsiú don togra agus áiseanna eile freisin, agus faigheann siad tuiscint ar an gcaoi sin ar an obair atá i gceist chun táirge a chur ar an mhargadh.

Is iad na scoileanna a bheidh páirteach Coláiste Chroí Mhuire, Coláiste Cholmcille, Scoil Chuimsithe­ach Chiaráin, Scoil Phobail Mhic Dara, Coláiste Bhaile Chláir, Coláiste na Coiribe agus Coláiste Naomh Éinne.

Beidh Séamus Ó Scanláin agus foireann Iris Aniar ar an láthair inniu agus iad i mbun comhrá leis na daltaí faoina gcuid tograí.

Over 750 transition year pupils from Co Donegal, Co Mayo, Co Galway, Co Kerry, Co Cork, Co Waterford and Co Meath took part in the Údarás na Gaeltachta Company Programme this year.

The programme challenges transition year students to start their own businesses, and aims to inspire entreprene­urship.

The Galway Regional Final takes place today in Seanscoil Sailearna in Indreabhán, and this morning’s show broadcasts live from the heart of the event.

 ??  ??

Newspapers in English

Newspapers from Ireland