CillnaMartra
CÉAD COMMAOINE
Bhí Séipéal Lachtaín Naofa lán go doras ar an Satharn 13ú Bealtaine don Chéad Commaoine. Ghlac seachtar cailín agus ceathrar buachaill as Rang a dó ó Scoil Lachtaín Naofa an Sacraimint don chéad uair. Léigh an tAthair de Brún an tAifreann agus chan na páistí na hiomain. Cé nách raibh an aimsear ró dheas, bhí lá thar barr ag gach éinne.
Siad na cailíní ná Clár Ní Aodha, Dún dá Radharc; Doireann Ní Mhocháin, Caol Fuinsean; Emma Ní Thuama, Doire an Aonaigh;Isabelle Ni Chathaláin, Baile Uí Bhuaigh; Katelyn Ní Leighin, Cathair Céirín; Poppy Nic an Bhaird, Ceann Droma agus Saoirse Ní Uidhir, Cathair Daithi. Fuair Caoimhín Ó Céilleachair, Cúl Cam; Finín Ó Conaill, Leach Fhinín; Kyle Ó Cróinín, Cloch Aidhneach agus Oisín Mac Annaidh, Cluanta Chárthaigh an sacraimint cómh maith. Rath Dé orthu.
MOTORSPORT
Míle comghairdeas to local navigator, J J Cremin and his driver, Gearóid Lucey, Baile Mhúirne after their good performance in faraway Donegal in the Valvoline Irish Forest Rally Championship. They finished three points ahead after a very successful outing.
RÉALT SPÓIRT MHÚSCRAÍ
Míle comghairdeas do Danno O’Duinnín, Cnoc Rua, a bhuaigh Réalt Spóirt Mhúscraí ón Auld Triangle le déanaí tréis sár cluiche sa Chraobh Mhúscraí fé 21. Bhronn Eileen O’Flynn, thar cheann an Auld Triangle, an corn air le déanaí i láthair a chlann, Gobnait, Ger, Muireann, Ciara agus Ciarán.
SYMPATHY
Sympathy is extended to Donal Creedon and family, Drom Réidh following the death of his sister Nora O’Connell, Shronegare, Clondrohid. A lady of tremendous faith, the late Nora was predeceased by her husband John Ando, and sons, Ted and John. Interment took place in Clondrohid Cemetery following Requiem Mass in St Abina’a Church. Leaba i measc na Naomh go raibh aici.
CIORCAL CAINTE
Ná dearmad an Ciorcal Cainte sa Leabharlann an Déardaoin seo, 25ú Bealtaine ag 11: 30rn. Beidh an Seanachaí cáiliúl, Pádraig O’Briain ag insint scéalta ann. Fáilte is fiche roimh cách.
CHIROPODIST
The Chiropodist will attend Cois Cille on Tuesday, May 30, and appointments can be made by ringing 40999.
AN PHLEAN TEANGA
Tá na foirmeacha ar fáil faoi láthair agus caithfidh siad a bheith ar ais i gceann coicíse. Fág iad in Oifig a Phoist.
SINGING SESSION
The Fortnightly Singing Sessions continue at the Auld Triangle on alternate Sundays and the next session is on Sunday, June 4, around 9 p.m.
IDIRMHEÁNACH
Beidh ár bhFoireann Idirmheánach ag imirt Cloch na Coillte ar an Domhnach seo 28ú Bealtaine i Baile Chaisleáin Chinn Eich ag 3.30in. Go n-éirí libh lads.
BALLINAGREE SCORAÍOCHT
The next end of month Scoraiocht will be in the Láine on Wednesday, May 31, at 8.45 p.m. Míle fáilte roimh gach éinne.
TUBRID MASS
The annual May Mass at Tubrid Well will be on Friday, May 26, As parking is limited, it is advised to travel early.
NUACHT LOTTO
Bhí €7,400 sa phota óir ar an Luan seo chaite i Mons, nuair a roghnaiodh uimhreacha 7, 9, 31 agus 32. Ní raibh siad ag éinne. €100: Siobhán Uí Chuana, Doire na Céartan. €40: Máire Uí Laoire, Réidh na nDoirí. €50: Seanachán O’Loingsigh, Na Cúla. €20: Juliette de Brún, Seán Baile Sheáin. €20: Áine Máire Uí Chorcra, Baile Uí Bhuaigh. €20: Dan agus Margaret Uí Shuibhne, Réidh na nDoirí.