The Corkman

CONCUBHAR Ó LIATHÁIN

An bhfuil cead agam ceadúnas teilifíse, a chara?

- Coliathain@corkman.ie

THÁRLA rud éigean aisteach dom agus mé ag obair an tseachtain seo. This is one of those ‘a funny – or strange – thing happened to me at work this week’.

Tá sé cloiste agat le seachtain anuas chomh h-olc is go bhfuil cúrsaí airgidis ainnis ag RTÉ agus go mbeidh daoine á scaoileadh chun bealaigh is Lyric FM á bhogadh ó Luimneach is araile.

Anois bhíos as baile ar feadh na mblianta agus le linn dom bheith ó thuaidh bhíos ag díol as cheadúnas teilifíse i ndlínse eile ar an oileán seo.

Le déánaí shocraíos go raibh sé in am ceadúnas a fháil arís ar an dtaobh seo den teorainn. Bhíos ar ais ag obair go lán aimseartha agus, bhuel, má theastaíon­n uaim craoltóire­acht sheirbhís phoiblí den scoth, caithfidh mé mo chuid a dhíol.

Chuaigh mé ar líne ag tvlicence.ie – suíomh atá faoi riar ag An Post – chun an ceadúnas a cheannach. Agus chuir mé isteach m’ainm is mo sheoladh is mo chuid sonraí eile.

I got a call at work a few days later from someone in TV Licence HQ who wanted me to confirm some of the details. He asked me to give the name of my townland in English as he couldn’t input the name properly to get the licence out to me in the post.

Fadhb ar bith a dúirt mise. Táimíd sa Ghaeltacht agus ní aithnítear ach an leagan Ghaeilge den ainm sa Ghaeltacht. Mar sin seol chughainn i nGaeilge é.

Ní mar sin a oibríonn an chóras, dúirt sé liom. Ar mhiste leat é a thabhairt dom i mBéarla.

Tá sin i gcoinne an dlí, dúirt mise. Níl aon feidhm leis an leagan Bhéarla sa Ghaeltacht de réir ordú a rinne an Aire faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 – nach cuimhin leat an raic faoi an Daingean agus Dingle?

I love the Irish language, dúirt sé liom agus ansan scaoil mé racht eile chuige mar gheall ar an ndochar a dheintear do chainteoir­í Gaeilge nuair nach n-aithnítear gur ann sin mar go mbionn fadhbanna ag riomhairí le ‘fadaí’ agus a leithéid.

Mar shampla, má chuireann tú ticéad in áirithe ar bhórd traein de chuid Iarnród Éireann agus má tá fada san ainm bhuel déanfar praiseach de ar an lipéad leictreona­ch ós cionn do shuíochán.

Back to the TV licence, agus mar a dúirt an té a dúirt, I have form.

There was a time when living in the North that I was brought to court for not paying the TV Licence. Because I explained patiently to the TV Licence Inspector who came to the door the reason I wasn’t paying was the failure of the Northern Ireland broadcaste­rs to live up to the spirit and letter of the Good Friday Agreement regarding Irish language broadcasti­ng and the non-availabili­ty of TG4 in the north, there was an unexpected result when I got to Laganside Courthouse in central Belfast.

Bhí mo mhála pacáilte agam ar eagla go dtógfaí chun an phriosúin an lá céanna. Bhí mo bhean liom agus ár mac óg ina phram.

I announced my name to the same TV Licence Inspector at the courtroom door where he was collecting fistfuls of cash from other victims.

He took my wife and I aside to a room near the courtroom and explained to us that they wouldn’t be prosecutin­g because of the issue of the Irish language.

Bhí mé saor! I was free to go. Amuigh i gclós Theach na Cúirte bhí criú ann ó UTV agus chuir siad faoi agallamh mé mar gheall ar mo phriacal.

Mhínigh mé an scéal d’iriseoir UTV. Níos déanaí an oíche sin bhí an tuairisc ar an dteilifís agus b’é an míniú a thug Seirbhís na gCúirteann­a ná go raibh siad tar éis urghaire – summons – a sheoladh chugham ach ná raibh sé cláaithe. Mar sin ní raibh a fhios acu go bhfuaireas an urghaire. Bhuel, bhí a fhios acu, mar tháinig mé go dtí’n doras!

Tá go leor lochtanna go fóill ar RTÉ ó thaobh an laghad Gaeilge atá ar sheirbhísí éagsúla an chraoltóra, idir raidió, teilifís agus ar líne.

Mar sin féin is fearr i bhfad RTÉ ná craoltóirí eile ar an oileán seo.

Tá gá le craoltóire­acht sheirbhís phoiblí is tá gá le slí ceart chun é a mhaoiniú.

Ar aon nós tá mo cheadúnas ceannaithe agus íoctha. Anois is faoi RTÉ atá sé....is libhse an freastal!

 ??  ?? Saothar ealaíne phoiblí i mBeirlin na Gearmáine
Saothar ealaíne phoiblí i mBeirlin na Gearmáine

Newspapers in English

Newspapers from Ireland