The Corkman

Idir na néaltaí agus na réaltai le Chris

- CONCUBHAR Ó LIATHÁIN coliathain@corkman.ie AN COLÚN CORCAÍOCH

TAITHNÍONN ‘Star Trek’ liom. Thaithin sé liom i gcónaí, na scannáin, na sraitheann­a, go h-áirithe, Star Trek The Next Generation, an cheann le Jean Luc Picard! Go deimhin thaithin cuid is mó de na scannáin atá lonnaithe i spás nó i ndomhan eile liom go mór.

B’fhéidir go dtaithníon­n an ‘nóisean’ sin liom, bheith i ndomhan eile, seachas an domhan ina bhfuilim, domhan gan báisteach, gan cháin, gan chíos.

Ar aon nós ná bímis ró ghruama. Tá’s agam gur mí Eanáir atá ann agus gur fada uainn an Samhradh agus gur faide arís uainn an Nollaig.

Bhí Chris Hadfield, iar cheannasaí an Spás Staisiún Idirnáisiú­nta in Éirinn an tseachtain seo chaite agus é ag tabhairt cuairte ar Chomórtas Eolaí Óg na Bliana BT san RDS. Fear é sin ó Cheanada a thuill cáil idirnáisiú­nta agus breis is 40m breathnú ar Youtube dá scannán a léirigh é ag canadh ‘ Space Oddity – Ground Control To Major Tom’ le David Bowie ar an spás staisiún i 2012.

An fear céanna, sheol sé tvuít i nGaeilge ag rá go raibh Éire ‘fíor álainn’ agus sa phictiúr chonaic tú an tír istoíche agus na soilse lasta sna cathracha is na bailte móra.

Tá’s agaibh cé hé anois? Is dócha ná raibh gá leis an míniú go léir.

Agus é faoi agallamh ar chlár raidió thug sé a léirmheas ar roinnt scannáin suite sa spás. Níor chuala é ag caint faoi Star Trek ach ní raibh sé ró mholtach faoi scannáin atá déanta le déanaí faoin spás, leithéidí First Man le Ryan Gosling faoin gcéad tuirlingt ar an ngealach, Gravity le Sandra Bullock agus George Clooney agus Ad Astra le Brad Pitt.

An rud a dúirt sé faoi First Man ná go raibh sé ró ghruama ar fad mar chur síos ar an spás. “Is rud iontach bheith i spás – is rud é le ceiliúradh agus spraoi a bhaint as,” arsa Chris. “Mhothaigh mé go raibh na scannáin seo ana ghruama agus bhí na carachtair­í – leithéidí Neil Armstrong agus Míchael Collins (an fear ar fhan sa chaipsiúl is nár shiúl ar an ngealach) i bhfad níos spleodraí agus gealghairí ná mar a léiríodh iad de réir mo thaithí is an aithne a bhí agam orthu.”

Bhí sé níos binibí faoi Gravity, scannán a bhuaigh go leor gradaim ina léiritear Sandra Bullock agus í caillte i spás tar éis go mbuaileann astaróidea­ch a spás árthach. Dar le Chris, bhí an slí a léiríodh an bean spásaire sa scannán maslach do gach bean spásaire.

 ??  ?? Chris Hadfield: an chéad chainteoir Gaeilge i Spás
Chris Hadfield: an chéad chainteoir Gaeilge i Spás
 ??  ??

Newspapers in English

Newspapers from Ireland