Soilse lasta - ach an bhfuil aon duine sa bhaile go fóill?
FAOIN am seo tá an phobal i dtaithí ar chainteanna de short éigean a bheith ar bun ag Stormont, suíochán na cumhachta i dTuaisceart Éireann, tá sé saghas cosúil leis an idirbheartaíocht leanúnach atá ar bun idir an dhá Choiré - Thuaidh is Theas - cainteanna atá ar bun anois le breis is trí scór bliain.
The Northern talks or negotiations are something we’ve always felt to be ongoing - except when there’s been outright hostilities and nobody was talking to one another. It’s a bit like the North Korea and South Korea talks on the 38th parallel.
Ar aon nós tháinig deireadh leis an gála is déanaí de chainteanna ag an deireadh seachtaine agus cá bhfios ach go mbeidh an Tionól ar ais ag feidhmiú - nó ag mí fheidhmiú fán am go mbeidh sibh á léamh seo.
The latest bout of talks has come to a conclusion of sorts and by the time you read this the Assembly may be functioning once more - or malfunctioning if you prefer!
Ar feadh i bhfad b’í an Ghaeilge an chnámh spairne agus ní minic go mbíonn an teanga ársa s’againne sa spotsholas faoi mar a bhí agus, is dócha, mar a bheidh go ceann tamaill.
Faoi dheireadh tá stádas bunreachtúil le bronnadh ar an nGaeilge ó thuaidh sa mhéid is go mbeidh cosaint is stádas aici sa reachtaíocht a rinne dlí de Chomhaontú Aoine an Chéasta. Sin dul chun cinn suntasach.
For a long time the Irish language was the bone of contention - our ancient tongue was unused to such a spotlight but it will have to endure it for a while yet.
At long last it seems that the deal will confer an offical status on the Irish language in what is regarded as the North’s constitution, the legislation which gave legal force to the Good Friday Agreement. That’s a significant step forward.
Níl aon duine ag iarraidh an ionannas Bhriotanach a dhíbirt ón dtuaisceart - ach caithfidh spás ceart dlíthiúil cosanta a bheith ag an nGaeilge.
Nobody in their right mind wants to eradicate the British identity in the North - but there has to be space for the Irish language also!