The Corkman

An bhfuil tú ag iarraidh tatú i nGaeilge? Bí ana chúramach!

-

Tá’s agam go bhfuil gach éinne ag caint faoin dtoghchán ach tá rudaí níos tabhachtaí sa saol ná cé atá ag rith na tíre. Dá dtuigfeadh polaiteoir­í sin, b’fhéidir go mbeadh siad níos fearr ina mbun.

While all the talk is of politics and elections, there are more important things in life than running the country. If politician­s understood that, maybe they’d be better at it.

Ní hé Feabhra 8 an dáta is tabhachtaí ar an bhféilire domsa – ach Feabhra 14, Lá Fhéile Vailintín, mór-fhéile an ghrá. I mo theachsa tá tabhacht níos mó arís leis an dáta sin – is é lá breithe m’iníon.

Polling day, February 8, is not the most important and imminent date in our family calendar. That’s February 14, the festival of love and, even more importantl­y, my daughter’s birthday.

Nuair a rugadh í fuair mé margadh sa mhéid is go raibh bláthanna ceannaithe agam do mo bheanchéil­e cheana féin. Ní raibh gá leis an dara bouquet bláthanna. Ar ndóigh fuaireas an bronntanas lá fhéile Vailintín ab feharr riamh – cúiteamh ar na blianta nuair ná bhfuaireas oiread is cárta.

When my daughter was born I got a bit of a bargain as I already had a bouquet of flowers for my wife. There was no need of a second one! And of course it was the best ever Valentines Day present for me, more than compensati­ng for all those anxious teenage years when I didn’t get as much as a card.

Is tú mo rún, is tú mo shearc, is tú an duine a dhéanann gach rud ceart! Sin iarracht agamsa ar véarsa gairid don charta Vailintín. Le bheith firinneach táim as cleachtadh; beidh orm snás a chur ar an bpeann chun ceann a chumadh do mo bhean i mbliana. Is fiú triail a bhaint as do cheann féin a chumadh ar aon nós.

I’m a man who likes to throw my own verses together for birthday cards and the likes and, in fairness, the personal touch beats the stuff on the Hallmark cards. It should at least!

Is duine mé a dhéanann a dhícheall bheith cruinn agus ceart leis an nGaeilge – ach ní féidir bheith 100% i gceart an t-am go léir.

Is iomaí botún gramadaí atá déanta agam – agus atá á dhéanamh agam go fóill. Tá buaineacht éigean ag baint le mílitriú nó droch- Ghaeilge ar phaipéar, agus deirtear linn go maireann rud éigean a scríobhann tú ar líne go deo.

Má tá tú buartha faoi seo, bhuel, d’fhéadfadh rudaí bheith níos measa.

Tabhair faoi ndeara an fhear seo, imreoir le foireann sacair Thuaiscear­t Éireann, atá tar éis tatú a fháil.

Ní ró shásta a bhí lucht JD Sport, áfach, mar go raibh blas pholatúil leis an dtatú agus ní raibh an pholataíoc­ht ag teacht leis an dt-léine d’imreoirí an Tuaiscirt.

Cé go bhfuil a fhios ag go leor daoine cén chiall atá le ‘ Tiocfaidh Ár Lá’, ní hé sin an tatú a bhí ar láimh an imreora ach ‘ Ticofaidh Ár Lá’.

Mar a dúirt mé, ní bheinn ró bhuartha faoi bhotún litrithe seachas go raibh sé greannta isteach i mo chraiceann. Seachas obráid chostasach bheadh sé ann go lá mo bháis. Pianmhar, mar a dúirt an t-é a dúirt.

An rud is tabhachtaí mar gheall ar bheith ag caint nó ag scríobh as Gaeilge ná gan a bheith buartha faoi bhotúin a dhéanamh. Is fearr léimt isteach agus gan a bheith imníoch go mbeidh daoine ag fáil locht ort.

Cuimhnigh go bhfuil gach éinne ag foghlaim an t-am ar fad agus nach bhfuil a leithéid de rud agus foirfeacht ann.

An t-aon chomhairle a thabharfai­nn duit ná gan dul go dtí parlús an tatú gan a bheith a fhios agat go bhfuil an leagan cheart agat den tatú atá tú ag iarraidh! Beir leat d’fhoclóir Béarla- Gaeilge go dtí parlús na dtatúanna!

 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in English

Newspapers from Ireland